Page:Seadna.djvu/259

This page has been validated.
255
SÉADNA

Bhí sé ag feuchaint ’na thímpal ortha ar feadh tamaill, ’ghá n-aithint agus ’ghá n-áireamh, agus ’ghá chuimhneamh gur bheag má bhí radharc eile fé luíghe na gréine chómh breagh leis an radharc san a bhí leathta amach os cómhair a shúl féin an mhaidion shamhraidh sin. Ansan iseadh do phreab suas i n’aigne cúrsaí na h-oídhche agus caint na mná cos-nochtaithe. Cheap sé ar dtúis nár bh’fholáir nó gur thaibhreamh a déineadh dó. Sháidh sé a lámh ’na phóca. Ambasa bhí an sgilling aige ’na phóca, sa phóca i n-ar chuir sé í nuair a thug an bhean dó í sa n-oídhche. Bhí rud éigin nár thaibhreamh sa sgéal. Do rith an gnó go léir chun a aigne do phreib; caint na mná, agus an sgilling, agus an namhaid, agus an chómhairle a bhí fághalta aige i dtaobh na cathaoireach. Phreab sé ’n-a shuídhe. B’shiúd é thall a thigh. Thug sé a dhrom leis agus d’imthigh sé an cnuc siar. Chuaidh sé suas go bara Chnuic na n-Ulán agus siar mullach Charaige na Madraí agus Beul an Mháma anonn agus siar barra Chúm an Ghadhair.

Bhí an lá ag dul i mbrothalaighe agus bhí tart ag teacht air. Chuaidh sé isteach i dtigh agus d’iar sé deoch. D’aithin bean an tíghe é. Ba mhaith an ceart di sin. Ba mhinic roimhe sin a thug sé síntiús maith airgid di agus gádh aici leis. Mura mbéadh é ba bheag d’á tuairisg a bhéadh sa n-áit. Thug sí chuige árthach lán de bhainne gabhar agus cannta aráin agus briola ime. Chaith sé an biadh agus bhíodar ag caint. Thuig sise, mar a thuig an dúthaigh, go raibh buairt éigin air a bhain leis féin. Thug sí fé ndeara an uair sin é níos soiléire ’ná riamh. Níor leig sí uirthi, ámhthach, gur thug sí aon rud fé ndeara. D’eirigh sé agus bhuail sé amach agus cá dtabharfadh sé aghaidh ach ar Mhullach an Ois suas. D’fheuch sise ’na dhiaigh agus geallaim dhuit go raibh