iongnadh uirthi nuair a chonaic sí ag tabhairt fé ’n gcnuc é. Ni fhéidir sí cad ba mhaith di a dhéanamh. Isé rud a dhéin sí ’ná iompáil isteach abhaile agus tamall de’n lá a thabhairt ag gol. Do buaileadh isteach ’na h-aigne go raibh droch nídh éigin ag teacht air. Chaith sí í féin ar a glúinibh agus chrom sí ar ghuidhe chun Dé ar a shon, ’ghá iaraidh ar Dhia é thabhairt saor ó gach olc.
Chuir seisean an cnuc suas de go dtí go raibh sé ar an láithreán breagh leathan atá thuas ar an bhfíor-mhullach. Má ba mhór an radharc a bhí aige ar maidin ó’n bplásóig ba mhó ’ná san an radharc a bhí anois aige, ach níor bhreaghtha an radharc anois mar ba ghlaine an spéir ar maidin. Bhí radharc siar aige ar Chlaedigh, agus ar an Dá Chí, agus ar an Mangartain, agus ar Loch Léin, agus siar ar Chorán Tuathail agus ar an gcuid eile de na Cruachaibh Dubha. Nuair a bhí sé cortha de bheith ag feuchaint ortha do ghluais sé anonn ’s anall ar an mullach ag piocadh na mónadán agus ’ghá n-ithe. Nuair a bhí tamall caithte aige ortha san do ghluais sé fabhra an chnuic soir go dtí go raibh sé ar bhara Chnuic Lice Sgáth, mar a raibh radharc aige ó-thuaidh ar Chlárach agus soir ó-thuaidh ar fad ar na Gaillte Móra. Nuair a bhí an ghrian ag tuitim siar d’iompuigh seisean siar airís go bara Mhullach an Ois. Phioc sé raint eile de na mónadáin agus ansan thug sé aghaidh síos ar an dtigh ’na bhfuair sé béile na maidine ann. Is ar an mnaoí a bhí an iongnadh agus an t-áthas nuair a chonaic sí chúici isteach é. Ní fheidir sí cár chaith sé an lá, ach ba chuma léi ó chonaic sí ag teacht slán airís é. Níor dhéin sí, ámh, ach beannughadh dhó agus fáilte a chur roimis go grianach agus go neamh-iongantach agus gan aon nídh do leigint uirthi. Agus geallaim dhuit gur ghaibh sí a bhuidhchas go dúrthachtach le Dia ’n-a haigne féin.