Page:Seadna.djvu/262

This page has been validated.
258
SÉADNA

ní’l ach fíor bheagán aimsire ó bhí sé amuich sa stáca agus siné ithte agam é!”

“Cruadhan a chuid tuighe agus lócháin féin é,” ar sise, “níos fearr go mór ’ná mar a chruadhan leac an mhuilinn é.”

Bhí an ghrian ag dul fé agus Séadna ag fágáilt an tíghe sin. Um an dtaca ’na raibh sé ag an bplásóig bhí tuitim na h-oídhche ann. Um an dtaca ’na raibh sé sa bhaile bhí smut de thusach na h-oídhche caithte.

Do las sé ceann des na coinnlibh árneáin. Do rug sé ar an gcathaoir shúgáin agus chuir sé ’na seasamh í, díreach sa n-áit ’na raibh sí an lá do ceangladh ann í. Chuir sé an sgilling fúithi istigh i lár bhaill, fé mar a dúbhradh leis. Chaith sé luaithreán beag anuas ar an sgilling i dtreó ná feicfí í. Ansan do shuigh sé ’n-a shuidhchán oibre agus chrom sé ar obair. Nuair a bhí sé ag obair ar feadh tamaill cheap sé ná féadfadh uair an mheadhon-oídhche bheith abhfad uaidh. Mheas sé nár rug aon sgéal dian riamh air ach bheith ansúd ag feitheamh agus ag faire, feuchaint cathain a thiocfadh an droch bhuachaill. Mura mbéadh an obair a bheith idir lámhaibh aige ní fhéadfadh sé go deó an feitheamh do sheasamh. B’ é a dhícheal é sheasamh agus é ag obair chómh dian agus bhí sé ’na chuisleanaibh an snáth do tharang. Nuair a mheasadh sé gur cheart uair a’ chloig a bheith caithte d’fheuchadh sé ar a mbíodh déanta aige agus ní bhíodh ann ach obair leath-uaire a’ chloig. Chomáineadh sé leis ag cur na ngreamana chómh tiugh agus d’fhéadadh sé an meanuith do shádh. Cheapadh sé ar ball gur cheart dhá uair a’ chloig go maith a bheith imthighthe. D’fheuchadh sé ar an obair a bhíodh déanta aige agus ní bhíodh ann ach oiread agus a dhéanfadh fear laistigh de cheathramhadh uaire, agus an obair a dhéanamh ar a shocaracht. Fé