Page:Seadna.djvu/263

This page has been validated.
259
SÉADNA

dheire do chuir an mearbhall agus an fásgadh agus an sníomh a bhí ar a aigne faire na h-aimsire as a cheann ar chuma éigin, i dtreó gur ghluais an aimsir a gan fhios dó. Ní raibh blúire coinne aige go raibh an aimsir caithte nuair a mhothuigh sé go h-oban mar bhéadh duine éigin láithreach. Thóg sé a cheann. Bhí an Fear Dubh ’na sheasamh ar a aghaidh amach!