gcnuc agus é ag caint leis an mnaoi, nár bh’ é a ghlór féin a bhí ag teacht as a chliabh.
“Nár bh’ é an margadh,” arsa ’n Fear Dubh, “mise do thabhairt oiread airgid duit-se agus a cheannóch’ leathar duit ar feadh trí mbliaghan ndéag, agus tusa do theacht liom nuair a bhéadh an méid sin aimsire caithte?”
“B’shiné an margadh,” arsa Séadna.
“Cad ’na thaobh ná gluaisean tú ort má ’seadh?” ar seisean.
“Mar ní’l an aimsir caithte,” arsa Séadna.
“Ní’l an aimsir caithte, an eadh!” arsa ’n Fear Dubh. “Tá trí bliaghna déag anois díreach ó chuireas mo sparán ad’ láimh isteach chúgat.”
“B’ fhéidir go bhfuil,” arsa Séadna, “ach ní’l an sparán trí bliaghna déag am’ sheilbh-se fós.”
“Conus san?” arsa ’n Fear Dubh.
“Mar do tógadh uaim ar feadh tamaill é,” arsa Séadna.
“Do tógadh uait é!” arsa ’n Fear Dubh. “Ní chreidfinn focal uait!”
“Ní chreidfeá! Má ’seadh cad ’na thaobh ná féadan tú baint liom?” arsa Séadna.
“Cé thóg uait é?” arsa ’n Fear Dubh.
“Tú féin, is dócha,” arsa Séadna.
“Ní mé!” arsa ’n Fear Dubh.
“Is dócha,” arsa Séadna, ag cur smuta gáire as, “gur dóigh leat gur ceart go gcreidfinn-se thusa.”
“Cathain a tógadh uait é?” arsa ’n Fear Dubh.
“Is dócha gur agat-sa is fearr atá a fhios san,” arsa Séadna. “Is ort a bhí gan a leigint d’aoinne é thógaint uaim.”
“Agus cheapas nár leigeas,” arsa ’n Fear Dubh. “Is mór an iongnadh liom a rádh gur fhéad aoinne é