Page:Seadna.djvu/27

This page has been validated.
23
SÉADNA

na cathaoireach, agus le h‑órdóig a láimhe deise dhéin sé fáinne ar an dtalamh ’na tímpal, agus thug Séadna fé ndeara gur eirigh, as an áit ’nar chimil an órdóg do’n talamh, gal mar ghal teine, agus gur dhéin an órdóg rian ar an dtalamh mar dhéanfadh bior dearg iarainn.

Ansan d’fheuch Séadna uaidh ar an gcrann ubhall agus sgannradh air le h‑eagla go mb’fhéidir go bhfeicfeadh sé garsún ceangailte thuas ann. Chuaidh sé amach, agus an Fear Dubh le n‑a chois. Ní fheacaidh Séadna aon duine sa chrann, ach chonaic sé mar bhéadh eun ar an ngéig ab aoirde. Bhí an t‑eun ag crothadh a sgiathán fé mar a bhéadh sé ag casadh le h‑eiríghe de’n chrann agus ná féadfadh se é. Thánadar i n‑aice an chrainn. D’fheuch Séadna ar an bhFear nDubh. Bhí an Fear Dubh ag feuchaint suas ar an eun.

“Tá sé ceangailte sa chrann, a dhuin’ uasail,” arsa Séadna.

Níor labhair an Fear Dubh. Chuaidh sé anonn chun an chrainn agus chrom sé síos agus chuir sé órdóg a láimhe deise ar an dtalamh ag bun an chrainn. Ansan do tharaing sé an órdóg fan an tailimh mór-thímpal an chrainn. Chonaic Séadna gal deataighe ag teacht as an dtalamh san áit ’nar bhain an órdóg leis. D’fhan fáinne ruadh ar an bhfeur ag bun an chrainn i ndiaigh na h‑órdóige, fé mar fhanfadh dá mba iaran dearg a taraiceófaí air. D’eirigh an Fear Dubh ’na sheasamh nuair a bhí an méid sin déanta aige. D’fheuch Séadna suas ar bhara an chrainn. Bhí an t‑eun imthighthe. Bhí iongnadh ar Shéadna nár airigh sé ag imtheacht é. Níor airigh sé aon fhothram sgiathán, ach bhí an t‑eun imthighthe.

Chuadar isteach airís ansan. Dhéin an Fear Dubh suas ar an mealbhóig agus dhéin sé fáinne ’na tímpal ar an bhfalla, agus tháinig an gal céadna as an bhfalla, agus