láimh. Ní raibh ionta ach na cnámha. Chuir sé lámh síos ar a chliabh. Bhí na h-asnaidheacha chómh lom aige le seana chiseán!
“Ní fheadar ó thalamh an domhain,” ar seisean, i n’ a aigne féin, “cad ’tá imthighthe orm!”
Ghlaoidh sé ar an mnaoi. Níor aithin sé a ghlór féin bhí an glór chómh lag san. Phreab sise chuige anall láithreach. “Ó, moladh go deó le Dia! a Shéadna,” ar sise, “tá do chiall agus do mheabhair agat fé dheire! Tá sé curtha dhíot agat. Ní’l baoghal ort anois, le congnamh Dé.”
“Cad tá curtha dhíom agam?” ar seisean.
“Tá,” ar sise, “an t-éagcruas cinn ba mheasa d’ár bhuail riamh umam. Ach tá sé imthighthe, buidhchas mór le Dia d’á chionn! Ná labhair a thuille anois, taoi ’n tú ró lag chun puínn cainte dhéanamh. Ní fada go mbéidh tú láidir do dhóithin chuige, le congnamh Dé. Tá deoch anso agam duit. Ól uaim é. Déanfaidh sé maitheas duit. Siné!”
“An fada ’táim anso, a Mháire?” ar seisean.
“Tá trí seachtmhaine ó thánag-sa,” ar sise, “agus is dóich liom go rabhais breóite trí lá sul ar cuireadh fios orm.”
Do luigh Séadna siar agus dhún sé a shúile, ach ní chun codlata é.
“Trí seachtmhaine!” ar seisean i n’aigne. “Cad tá imthighthe orm i n-aon chor? A Mháire!” ar seisean leis an mnaoi.
“Teacht! a Shéadna,” ar sise.
“An bhfuil aon tuairim agat do’n chuma ’na dtáinig an bhreóiteacht orm?” ar seisean.
“D’airigheas iad á rádh,” ar sise, “gur dhócha gur bh’amhlaidh a chodlais amuich agus gur buaileadh droch nídh