Page:Seadna.djvu/295

This page has been proofread.

ghioracht na h-aimsire a bhéadh caithte sa chodladh aige, bíodh a’s ná cuimhneóch’ sé ar aon nídh d’ár thuit amach dó i gcaitheamh na h-aimsire. Níor mhar sin do Shéadna. Ní h-é amháin go raibh gach ar thuit amach dó imthighthe as a chuimhne glan, ach bhí an aimsir féin imthighthe uaidh glan. Thuig sé i n-a aigne go raibh trí h-uaire a’ chloig, nó mar sin, ó bhí sé ar an gcnuc ag caint leis an mnaoi chos-nochtaithe, agus thuig sé i n-a aigne nár bh’ fhéidir a thuilleadh aimsire bheith ann. Cá bhfuaradh na trí seachtmhaine! B’ shiní an cheist.

Bhí an aimsir imthighthe glan as a chuimhne agus as a aigne. Thabharfadh sé an leabhar ná raibh thar trí h-uaire ’chloig nó mar sin ó bhí sé sa phlásóig ar an gcnuc ag caint leis an mnaoi chos-nochtaithe. Ní raibh aon bhlúire cuimhne aige ar ar thuit amach dó ó’n neómat a sgar sí leis go dtí an neómat ’na dtáinig a mheabhair dó ar a leabaidh. Bhí an aimsir sin, agus ar thuit amach dó i gcaitheamh na h-aimsire sin, agus an méid d’á mheabhair agus d’á chuimhne a bhí ag gabháil leis an aimsir sin, chómh glan as a aigne agus dá ngearthaí amach as a cheann le sgiain iad. Ní raibh blúire cuimhne aige ar an lá breagh a bhí aige ar an gcnuc, ná ar an radharc áluinn, ná ar na dúthaíbh breaghtha, ná ar shiúbhal na gcnuc dó, ná ar phiocadh na mónadán dó, ná ar an sódhluist a thug Neans dó, ná ar an gcuma ’nar fhill sé abhaile, ná ar an sníomh a bhí ar a aigne agus é ag feitheamh leis an bhFear nDubh, ná ar theacht an Fhir Dhuibh, ná ar an abhcóidigheacht a bhí eatartha, ná ar an gcuma ’nar sgaradar le chéile.

Ba chuimhin leis, ámhthach, na trí bliaghna déag do bheith istigh.

“Indiú atá sé le teacht,” ar seisean, i n-a aigne féin. “Is olc an t-am é agus mé chómh lag so. – Ach