Page:Seadna.djvu/297

This page has been proofread.

Tháinig Diarmuid Liath ’ghá fheuchaint.

“Cad é an fhaid aimsire atá ó buaileadh breóite mé, a Dhiarmuid?” ar seisean le Diarmuid. “Ní’lim ró chruinn air.”

“Ní mar sin dómh-sa san,” arsa Diarmuid, “táim cruinn go maith air agus ní h-iongnadh dhom san. Is maith an ceart dom bheith cruinn air. Ní fada go mbéidh trí seachtmhaine ann. Ní baoghal go dtáinig an aimsir a gan fhios orm. Chómh luath agus d’ airigh Micil go rabhais ad’ luíghe do phreab sé aníos agus b’ éigean dom féin an siopa sheasamh, agus gan mé oireamhnach air ach go h-olc. Ní’l aon oídhche ó buaileadh breóite thu nár tháinig sé aníos. Théadh sé síos airís ar eiríghe lae, ach má théidheadh ba bheag an mhaith thíos é. ’Na chodla sa tsiopa iseadh do gheibhtí é nuair a thagadh daoine isteach ag lorg leathair. D’ fhanadh sé anso ag tabhairt conganta do’n mhnaoi fhriotháilte go dtí go dtagadh Máire Ghearra. Is beag aon deire oídhche ná tagadh Máire. Bhí sí anso ar maidin indiu sul a ndéigh Micil síos, ach ní raibh aon leus de d’ mheabhair tagaithe dhuit-se an uair sin. Ní aithneóchá aoinne. Ní fheaca féin riamh aon duine breóite chómh glan as a mheabhair agus bhís i gcaitheamh na h-aimsire go léir. Ní raibh thúm ná thám ionat. Nuair a bhíos-sa breóite bhí spreabhraídí orm, ach má bhí féin ní rabhas as mo mheabhair ar fad. Bhí ciall agus cuimhne agam ar chuma éigin. D’ aithnighinn na daoine agus do thuiginn a gcaint agus do labhrainn leó, bíodh a’s ná raibh puínn cruinnis le m’ chaint uaireanta. Ach oiread agus aon fhocal amháin ní raibh le fághail uait-se amach as do bheul. Do réir mar a deirtear liom ní dóich liom go dtáinig oiread agus aon smiog amháin cainte amach as do bheul ó’n lá a buaileadh breóite thú go dtí gur labhrais indiu le