Page:Seadna.djvu/298

This page has been proofread.

Máire ’nghean Airt. Ní h-é sin féin, ach ba dhóich le duine ná raibh aon mhothughadh ionat. Ní raibh aon tsuím agat i n-aon rud. Ní raibh aon choinne ag aoinne go dtiocfá as. Bhí an sagart anso go minic agus do theip air aon fhocal fhághail asat. Is dócha nach fada go mbéidh sé anso anois, agus geallaim dhuit gur b’ air a bhéidh an iongnadh agus an t-áthas. Béidh iongnadh agus áthas ar gach aoinne. Ní raibh aon tsúil ag aoinne go gcurfá dhíot é. Ach ambasa tá sé curtha dhíot agat, buidhchas mór le Dia d’á chionn! An t-é fheuchfadh ort anois níor dhóich leis i n-aon chor gur tú an fear céadna a bhí ansan indé. Níor fhéad aoinne a dhéanamh amach cad a bhí ort. Dúbhairt an bhean fhriotháilte gur bh’ éagcruas cinn é, ach ní dóich liom gur chreid aoinne í. Chuir an sagart beirt nó triúr dochtúirí anso i gcaitheamh na h-aimsire feuchaint an bhféadfaidís aon rud a dhéanamh duit. Níor dhéin aoinne acu ach feuchaint ort agus imtheacht. Ní fheacaís a leithéid de chéimaighrá riamh agus bhí orainn go léir.”

Bhailigh Séadna fírinne an sgéil mar sin ó chómharsain agus ó chómharsain eile, agus fé dheire do chuaidh ’na luíghe air nár bh’fholáir nó bhí an aimsir ann, pé cuma ’na bhfuaradh an tslígh dhi. Ach conus a fuaradh an tslígh, nó conus fhéadfadh breis agus trí seachtmhaine bheith caithte agus gan i n-a aigne, i gcoinnibh na dtrí seachtmhaine, ach trí h-uaire ’chloig, do theip glan air a dhéanamh amach, agus b’ éigean dó eiríghe as.

Ach ba mhar a chéile é. Chómh luath agus a tháinig an chiall agus an mheabhair dó thosnuigh sé ar dhul i bhfeabhas go tiugh. Thosnuigh an fheóil ar theacht. D’á loime bhíodar na h-asnaidheacha aige níor bh’fhada go rabhdar ag dul ó chómhaireamh. Ba ghearr go raibh na géaga ag dul i ngairbhe dá chaoile a bhíodar. Tháinig sé chuige