Page:Seadna.djvu/300

This page has been proofread.
296
SÉADNA
CAIBIDIOL A CEATHAIR A’S TRÍOCHAD.

An focal úd a dúbhairt Diarmuid Liath i dtaobh Mháire Ghearra, ’sé sin gur bheag aon deirea oídhche ná tagadh sí, do chuir an focal san Séadna ag machtnamh.

“Seadh!” ar seisean i n’aigne, “tá an sgéal go h-ait agam. Dúbhart léi go raibh ceangal orm i láthair Dé gan pósadh choídhche. Gan amhras do bhí ceangal orm gan í féin ná aon chailín eile mar í do tharang isteach sa chontabhairt a bhí rómham, do réir mar a mheasas. Dúbhairt an cladhaire úd go dtiocfadh sé a’m iaraidh chómh luath agus bhéadh na trí bliaghna déag caithte. Bhíos lán deimhnightheach go dtiocfadh sé. Tá an aimsir caithte. Tá sí caithte agus gan na trí seachtmhaine úd d’ áireamh. Tá an sparán anso agam fós. Tá sé chómh teann agus a bhí sé aon lá i gcaitheamh na h-aimsire. Is mór an iongnadh nár tháinig sé a’m iaraidh féin nó a d’ iaraidh an sparáin. Is deacair a dhéanamh amach cad é an brígh atá leis mar sgéal. Is dócha, dá mbéadh sé le teacht, go dtiocfadh sé an lá a gheall sé. Ní fheadar cad a chuir dé é. Tá aon nídh amháin deimhnightheach go leór. Ní h-ar mhaithe liom-sa d’ fhan sé gan teacht. Thiocfadh se mura mbéadh rud éigin ’á chosg. Cad a choisg é ar theacht? Cad a choimeád uaim é? Siní an cheist. Cé choisg é ar theacht? Ba mhór an spórt é dá bhfanadh an sparán agam d’á aimhdheóin! Níor úsáideas aon phioc de’n airgead, ach chun leathair a cheannach, ó’n lá úd a tógadh uaim an sparán ar an aonach. Níor leig sgannradh dhom dul thar fhocal an mhargaidh. B’fhéidir ná raibh aon ghádh leis an sgannradh. Má bhí sé