Page:Seadna.djvu/301

This page has been proofread.
297
SÉADNA

chómh seasamhach chun an mhargaidh cad ’na thaobh nár tháinig sé nuair a bhí na trí bliaghna déag istigh! Má’s rud é nár fhéad sé teacht agus a mhargadh do chur i bhfeidhm nuair a bhí an aimsir istigh, tá gach aon deabhramh ná féadfaidh sé baint liom pé úsáid a dhéanfad de’n airgead. Ní fada go mbainfead triail as an sgéal, le congnamh Dé, pé ’n-Éirinn é!... Is truagh cráidhte ná raibh fhios agam ná raibh sé le teacht!... Ba mhór an obair di teacht anso gach aon oídhche!... Ach tá sé socair go daingean ’na h-aigne go bhfuil an ceangal orm, agus gur ceangal é nach féidir a sgaoileadh... Tá an sgéal go h-ait againn!”

Bhí sí féin agus a h-athair ar an gcéad bheirt a tháinig ’ghá fheuchaint chómh luath agus d’ airigheadar aithne agus urlabhra bheith tagaithe dhó. Tháinig Máire Ghearra féin go minic ’na dhiaigh sin agus d’ inis sí dhó go cruinn, ó thusach go deire, cad é an saghas an bhreóiteacht a bhí air agus na cómharthaí a lean í. Ní h-ar an mbreóiteacht ná ar na cómharthaíbh a bhíodh Séadna ag cuimhneamh, agus é ag éisteacht léi, ach ar a mhachtnamh féin. Conus a ’neósfadh sé dhi cad é an saghas ceangail a bhí air gan pósadh? Conus a ghlacfadh sise an sgéal nuair a ’neósfaí dhi é? Nuair airigh sí an sgéal ar dtúis i dtaobh an cheangail dúbhairt sí gur cheangal uasal é, agus gur cheangal naomhtha é. Cad déarfadh sí anois dá n-innstí dhi cad é an saghas é agus cad fé ndear é? Dá n-innseadh sé dhi i dtaobh an sparáin agus i dtaobh an Fhir Dhuibh agus i dtaobh an mhargaidh, b’ fhéidir gur b’ amhlaidh a thiocfadh fuath aici dhó féin agus ná tiocfadh sí ’ghá fheuchaint a thuille. Agus conus fhéadfadh sé a mhíniughadh agus a léiriughadh dhi cad é an saghas an ceangal gan an sgéal go léir d’ innsint di! Ar an dtaobh eile de’n sgéal conus fhéadfadh sé a fhágáilt