Page:Seadna.djvu/302

This page has been proofread.
298
SÉADNA

níos sia gan innsint di go raibh dearmhad ar a h-aigne-sin i dtaobh an cheangail a bhí air-sean. Nuair inis sé dhi an cheud lá an ceangal do bheith air do ghlac sí an sgéal i gcéill a bhí bun os cionn leis an bhfírinne. D’ fhág sé mar sin aici é an uair sin mar cheap sé go gcuirfeadh deire na dtrí mbliaghan ndéag deire le n-a shaoghal, agus ansan gur chuma cad é an saghas an ceangal agus gur chuma cad fé ndear é ná cad ba bhun leis. B’ shiné an sgéal go léir ar a mhalairt de chuma anois, ámhthach. Ní raibh aon bhreith aige ar an ndearmhad d’ fhágáil ar a h-aigne níos sia. Ní raibh aon dul aige ó fhírinne an sgéil a thabhairt dí chómh luath agus dob’ fhéidir é. Ag machtnamh agus ag breithniughadh ar an méid sin oibre a bhí le déanamh aige iseadh bhíodh sé an fhaid a bhíodh sise ’ghá innsint dó cad iad na comharthaí éagsamhlacha do lean an bhreóiteacht a bhí air, agus cad é an neart a bhíodh ann nuair a bhíodh a ndóthain mór ag ceathrar fear le déanamh ’ghá choimeád gan imtheacht as an leabaidh.

An lá bhí sé thiar ag an dtigh aici, ’ghá innsint dí go raibh ceangal air i láthair Dé gan pósadh choídhche, ní raibh uaidh ach a chur as a h-aigne-sin amach go raibh aon bhreith go deó aige ar í féin a phósadh. Nuair a dúbhairt sé an focal léi dúbhairt sise focal leis. Ní raibh aon choinne aige leis an bhfocal adúbhairt sí, ach níor chuir sé puínn suime sa bhfocal an uair sin. Sidé an focal a dúbhairt sí. “Má ’s ceangal uasal duit-se é,” ar sise, “ba chóir gur cheangal uasal dómh-sa é.” Chrom sé ar fhiafruighe dhé féin anois cad é an brígh a bhí aici leis an bhfocal san, nó ar bh’fhéidir gur bh’ amhlaidh a bhéadh ceangal curtha aici uirthi féin, i láthair Dé, gan pósadh choídhche!

Bhí smaointe de’n tsórd san agus neithe de’n tsórd