Page:Seadna.djvu/303

This page has been proofread.
299
SÉADNA

san agus machtnamh de’n tsórd san ag ruith tré n’aigne coitchianta agus é ag teacht chuige féin. Ach, bíodh gur chuireadar mórán buartha air, agus mórán ceisnimh agus mórán céimaighráidh, níor chuireadar aon chosg leis an bhfeabhas a bhí ag dul air. Do lean sé ag cur na feóla suas agus ag dul i láidireacht agus i misneamhlacht, go dtí go raibh daoine ’ghá rádh go n-iompóch’ sé amach níos fearr agus níos stóinsighthe agus níos curanta ’na shláinte ’ná mar a bhí sé riamh sul a dtáinig an bhreóiteacht air.

 

Mí díreach tar éis na leapthan d’ fhágáilt dó, do bhuail chuige suas ó’n sráid, ar muin capaill, fear cinn riain an rígh agus fiche marcach i n-aonfheacht leis. Bhí a chlóca síoda ar gach fear díobh, agus a chaipín cogaidh, agus a chlaidheamh fada síos le maoitheán a chapaill, agus a chlaidheamh gearr ’n-a chrios aige, agus a shleagh bhreagh fhada fhuinnseóige ’n-a seasamh anáirde aige agus ceann fada caol, de chruaidh gheal ghéar, ag taithneamh agus ag spréacharnaigh sa ghréin ar an sleagh, agus na ribíní síoda ag rinnce sa ghaoith, thuas idir adhmad agus iaran, ar an sleagh. An t-é fheuchfadh ar na fearaibh sin agus do chífeadh na súile glana géara aibeamhla, agus na gnúiseana daingeana gan staon, agus na cúla casa, agus na guailne téagartha neartmhara córacha agus na h-uchta leathana, agus na mása ramhara troma, na troighthe teanna agus na géaga lúthmhara, agus na dóirne cruadha, déarfadh sé gan amhras nár bh’ aon dóichín iad do’n namhaid a cheapfadh aon chur isteach a dhéanamh ortha!

“Seadh, a Shéadna,” arsa ’n ceann, “tá an tréimhse úd caithte. Is dócha go bhfuíl gach nídh curtha i dtreó agat um an dtaca so. Isé is fada leis an rígh go