bhfeicfidh sé thíos i n’ aice thú. Is ad’ iaraidh a thánamair.”
“Tá go maith, a dhuin’ uasail,” arsa Séadna. “Pé rud atá i dtreó ná ná fuil, an rud a gheallas-sa cómhlíonfad é.”
Agus d’imthigh sé leó.
Gobnait. – Ó, a thiarcais, a Pheig! Tá sé ’n-a lá gheal!
Cáit. – Agus feuch! Sidí anso Síle agus a ceann am’ ucht agus í n-a codladh go sámh!
Nóra. – Ba mhithid do d’ mháthair bheith tagaithe, a Pheig. Dúbhradar go mbéadh an t-abhras snímhte acu sul a dtiocfadh an lá ortha.
Peig. – Sidí chúgainn isteach í.
Máire. – Seadh! a chailíní, an raibh uaigneas oraibh? An bhfuil an sgéal críochnuighthe? “Seafra,” – nó – “Stiabhna”, nó – greadadh chuige, cad é an ainim seo agam air?
Peig. – “Séadna,” a mháthair.
Máire. – Ó, ’seadh. “Séadna.” An bhfuil sé marbh?
Cáit. – Ní’l, a Mháire. Tá sé imthighthe le muíntir an rígh.
Máire. – Chun bheith ag déanamh bróg do’n rígh, is dócha. Feuch, a Pheig, ná leig uait iad san go fóil. Ná leig dóibh imtheacht mar imthigheadar an oídhche eile úd. Thugas-sa rud éigin liom. Béidh sgruid againn. Cá bhfuil Síle? ’Na codla! Andaigh isí a dhéin an ceart!