Page:Seadna.djvu/31

This page has been validated.
27
SÉADNA

CAIBIDIOL A CEATHAIR.

Gobnait.—Airiú, a Shíle, cá bhfuil Peig?

Síle.—Chuaidh sí anonn go tigh Liam uí Bhuachalla. Ní shásóchadh an saoghal Cáit gan í dhul anonn go bhfeicfeadh sí Éamonn óg. Táimíd bodhar aici féin agus ag Éamonn óg. Dá mbeidhfeá ag caint léi ní fhéadfadh sí dhá fhocal a labhairt gan Éamonn óg thoir thiar thall aici. D’áiteóchadh sí ort go dtugan sé fé ndeara í féin seachas aoinne eile, cheana féin, agus gan é ach seachtmhain! An oídhche fé dheire, sul ar thánaís, dubhairt sí le Peig gur bh’í féin a mháthair, agus ansan gur bh’í féin do bhaist é, agus fé dheire dúbhairt sí go raibh eagla uirthi go n‑íosfadh sí é!

Gobnait.—Ambasa, a Shíle, is cuimhin liom an focal go dian mhaith. Bhíos díreach ag teacht isteach an dorus nuair a airigheas é, agus bhí iongnadh mo chroídhe orm cia air go raibh an cion go léir aici. An dóigh leat an mbeidh Peig abhfad?

Síle.—Ní dóil. Tá tamall mór ó imthigheadar. Dúbhairt sí liom-sa aire mhaith a thabhairt do’n teine, i dtreó go mbéadh sí ar lasadh go breagh rómhat-sa agus roimh Nóra Bhán. Agus dúbhairt sí liom a rádh libh ná déanfadh sí aon ríghneas ach chómh beag agus d’fhéadfadh sí é.

Gobnait.—’Seadh! Sidí Nóra.—Tá tosach agam ort, a Nóra.

Nóra.—Mhaise, is cuma liom, a Ghobnait, nuair ná fuil an sgéal ar siúbhal. Airiú, cá bhfuil Peig?