Page:Seadna.djvu/36

This page has been validated.
32
SÉADNA

ar aghaidh iad, ucht agus cúm seang gach capaill ag cimilt nach mór do’n bhfeur glas a bhí ar an bpáirc, ceann gach capaill sínte go h‑iomlán, ceann gach marcaigh cromtha anuas agus iad ag gluaiseacht mar ghluaiseóchadh sídhe gaoithe.

Ní raibh duine, óg ná aosda, ar an aonach ná raibh ’na choilg-sheasamh ag faire ortha ach amháin fear na méaracán. Nuair a bhíodar ag déanamh ar an darna claidhe, thug gach aoinne fé ndeara go raibh an capall dubh buille beag ar tosach. Nuair a bhíodar ag glanadh an chlaidhe, do ghluais an capall dubh agus an capall ba ghiorra dhó d’á dhruim, mar a ghluaiseóchadh an priachán, gan baint leis. Do chuir an dá cheann eile na cosa ann. D’imthigh an fód ó chosaibh an chapaill ba shia amach, agus thuit sé féin agus a mharcach ar an dtaobh eile ’chlaidhe.

“Ó!! Tá sé marbh!” do liúghadar na daoine go léir. Ní raibh an liúgh as a mbeul nuair a bhí sé thuas airís, ach má ’seadh bhí a chapall bacach agus b’éigean dó filleadh.

Siúd ar aghaidh an triúr agus an t‑aonach ag faire ortha, na daoine chómh ciúin sin gur airigh Séadna go soiléir na buillí fuinte ceólmhara tómhaiste cruadha a bhuaileadh cosa na gcapall san ar fhód na páirce, díreach mar bhéadh rinnceóir ag rinnce ar chlár.

Thug Séadna fé ndeara um an dtaca so go raibh an capall dubh go maith ar tosach, agus é ag déanamh, ceann ar aghaidh, ar bhata a bhí ’na sheasamh ’sa pháirc agus éadach éigin dearg ’na bhárr. Siúd tímpal an bhata san é. Siúd ’na dhiaigh an tarna capall. Siúd ’na dhiaigh sin an trímhadh capall. Siúd ar aghaidh i ndiaigh a chéile iad, i leith na láimhe clé, soir ó thuaidh, an capall dubh ar tosach, agus é ag bogadh uatha. Do ghéaruigh an capall deirig