Page:Seadna.djvu/37

This page has been validated.
33
SÉADNA

agus bhí sé ag breith suas ar an darna capall. Do ghéaruigh san, agus bhíodar araon ag breith suas ar an gcapall ndubh. Ansan do chonaic Séadna agus an t‑aonach an radharc. Do shearg an capall dubh san é féin, do bhog an marcach an tsrian chuige, agus siúd amach é mar a ghluaiseóchadh cú agus gur dhóigh leat ná raibh cos leis ag baint le talamh, ach é ag imtheacht i n‑aice an tailimh mar a bhéadh seabhac.

Le n‑a linn sin d’eirigh liúgh fhiaigh ó’n áit thoir thuaidh go raibh na capaill ag déanamh air. Do tógadh an liúgh mór-thímpal an aonaigh. B’éigean do Shéadna a mhéarana do chur ’na chluasaibh nó go sgoiltfí a cheann. Bhí gach aoinne ag ruith agus gach aoinne ag liúirigh. Do rith Séadna agus do liúigh sé leó agus ní raibh a fhios aige cad ar a shon.

Nuair a stad an ruith agus an liúireach, do chonaic Séadna ar a aghaidh amach seisear nó móir-sheisear daoine uaisle agus ceann feóla agus bolg mór agus culaith éadaigh uasail ar gach aoinne acu, agus iad ag caint le n‑a chéile agus ag feuchaint ar an gcapall ndubh.

“An mór ar a ndíolfá é?” arsa duine acu leis an marcach.

“Ar mhíle púnt,” arsa ’n marcach.

Nuair airigh Séadna an focal san, d’iompuigh sé ar a sháil, a’ rádh ’na aigne féin, “Ní bhéadh aon ghnó agam dé. Do mharbhóchadh sé mé.”

Cia bhéadh ar an dtaobh thiar de ach fear na méaracán!

“Mharbhóchadh sé thú, an eadh?” arsa fear na méaracán. “Aidhé mhaise, greadadh chúgat! a ghréasaidhe bhig bhuídhe na mealbhóige, de shíol taoíbhíní ruadh agus meanuithí ramhar agus bréan-bhróg, murab ort atá an t‑eirighe i n‑áirde, ag teacht anso chun capaill a cheannach agus gan phingin ad’ phóca!”

C