Nuair airigh Séadna an méid sin do dhruid sé i leath-taoibh. Do shleamhnuigh sé lámh leis síos ’na phóca. Ambasa bhí sé folamh! Chuarduigh sé póca eile——folamh chómh maith! Chuir sé lámh isteach ’na bhrollach, ag lorg an sparáin. Ní raibh a thuairisg ann. Thug sé strac-fheuchaint ar fhear na méaracán. Bhí sé sin i bhfeighil a ghnótha féin, gan aon tsuím aige i Séadna ach chómh beag agus ná feicfeadh sé riamh é.
“Seadh!” arsa Séadna leis féin, “tá deire leis an mustar. Is usaide é ó baineadh an easgaine de’n mhealbhóig agus de’n chathaoir agus de’n chrann. Ní dócha gur bh’fhéidir í a bheith curtha suas airís. Pé i n‑Éirinn é, ní’l agam le déanamh anois ach dul agus feuchaint an bhféadfainn raint leathair a cheannach, agus dul agus claoidh leis an ngnó is fearr atá ar eólas agam. Má’s bréan-bhróga iad ní bhfaighid na daoine a chaithean iad aon locht ortha. Is mairg ná bíon sásta le n‑a chuid féin, d’á luíghead é. Dá mbéadh mo thrí sgillinge agam anois do dhéanfaidís mo ghnó chómh maith leis na ceudtaibh go léir. Ach tá go maith. Ní fearr bheith ag caint air mar sgeul. Raghad ag triall ar Dhiarmuid Liath agus b’fhéidir go dtabharfadh sé raint leathair ar cáirde dhom chun go dtiocfadh airgead na mbróg isteach. Thug sé cáirde cheana dhom, agus dhíolas é go cruinn agus go macánta.
Um an dtaca go raibh an méid sin machtnaighthe aige, bhí sé ag déanamh, ceann ar aghaidh, ar dhorus Dhiarmuda. Bhí Diarmuid féin ’na sheasamh ’dir dhá lígh an doruis.
“Airiú, a Shéadna, an tú san?” arsa Diarmuid.
“Is mé cheana,” arsa Séadna. “An bhfuilir go láidir, a Dhiarmuid?”
“Tá an tsláinte againn, moladh le Dia dh’á chionn! Ach cad é seo d’imthigh ort-sa le déanaighe? Táir i