Page:Seadna.djvu/40

This page has been validated.
36
SÉADNA

CAIBIDIOL A CÚIG.

Gobnait.—Feuch nach amhlaidh do dhéin licíní slinne de’n airgead mar a dhéin d’airgead Mhichíl Réamoinn.

Peig.—Ní h‑é sin adúbhraís cheana, a Ghobnait, ach gur dhéin Micheál airgead des na licíníbh slinne.

Gobnait.—’Sdó, do dhéin, leis, ach má ’seadh do dhéin licíní slinne de’n airgead airís.

Nóra.—’Gcloistí! Nach cuimhin le n‑ár gcluasaibh tú ’ghá rádh linn go dtug sé an t‑airgead isteach chun na mná, agus gur fheuch sí air agus gur cheap sí gur bh’airgead dleaghthach é, agus d’á chómhartha san féin go dtug sí dhó an hata?

Gobnait.—’Sdó, do cheap, leis, agus do thug. Ach is ’na dhiaigh sin do dhéin licíní slinne airís de’n airgead.

Nóra.—Agus conus fhéadfadh licíní slinne a dhéanamh airís de, mura mbainfeadh Micheál féin an diablaidheacht de?

Cáit.—Agus cá bhfios ná gur bhain?

Nóra.—Dúbhairt sí gur imthigh sé air abhaile nuair a fuair sé an hata.

Gobnait.—Má ’seadh, bhí sé i Sráid an Mhuilinn airís seachtmhain ’na dhiaigh sin, é féin agus Tadhg na n‑Ubh, agus chuadar isteach sa tigh cheudna agus do ghlaoidh Micheál ar an mnaoi i leath-taoibh. “Tá a dó agus dá thistiún agat orm,” ar seisean. “Seo dhuit é.” “Ní’l aon dó agus dá thistiún agam-sa ort,” ar sise. “Tá, go macánta,” ar seisean. “Seo dhuit é.” “’Sdó, deirimse ná fuil,” ar sise. “Nach cuimhin leat,” ar sise, “go rabhas ag