Agus i gcaitheamh na slíghe níor sgar an lámh chlé leis an dtaobh de’n bhest go raibh an sparán lastigh de, agus do bhí an lámh dheas sáithte go h‑uillinn i bpóca an bhríste aige, agus é ag cur an óir tré n‑a mhéireanaibh.
Síle.—Cad é an tairbhe dhéin sé dhó bheith ’ghá chur tré n‑a mhéireanaibh, a Pheig?
Peig.—Ní fheadar an tsaoghal, a Shíle, ach bhí sé ’ghá dhéanamh, pé ’n Éirinn é, agus níor stad sé dhé go dtáinig sé abhaile. Bhí sé i bhfonn nídh b’fhearr chun na mine agus chun na n‑ubhall an uair sin ’ná mar a bhí sé indé roimhe sin, agus d’ith sé a dhóithin díobh. Bhí sé ag ithe agus ag machtnamh go ceann abhfad. Fé dheire do stad sé agus bhuail sé buille d’á bhois ar a leath-ghlúin.
“Dar an bportús!” ar seisean, “dá bhfeiceadh Diarmuid an capall dubh úd ceannuighthe agam, ní fios cá stadfaidís na ceisteana. Ní bhéadh aon bhreith agam ar dhul uaidh. Tá sé ró ghéarchúiseach ar fad. Nuair a thabharfá leath-sgeul dó agus ba dhóigh leat go mbeidhfeá réidh leis, is amhlaidh a bhéadh sé i n‑achran ionat níos daingne. B’fhéidir, tar éis an tsaoghail, gurab amhlaidh mar is fearr é nár cheannuigheas capall ná bó. Is cuma liom ó tá an t‑airgead agam. Mharbhóchadh an capall úd mé, agus ansan ní bhéidís na trí bliaghna deug féin agam. Agus óir nár cheannuigheas an bhó ní gádh dhom bheith ag lorg mná chun a crúidhte. B’fhéidir nár bh’fhearr riamh é mar sgeul. ‘An rud ba mheasa le duine ’ná a bhás, ní fheadair sé ná gur b’é lár a leasa é’! Déanfad na bróga so, agus ansan raghad ag triall ar Dhiarmuid agus tabharfad liom luach dhá phúnt, agus ansan luach cheithre bpúnt, agus mar sin. Ha! ha! a Dhiarmuid, seadh! seadh! seadh! Sleamhnóchaidh an sgeul suas a gan fhios duit. Nár mhór an dallachán mé nár chuimhnigh ar an slígh sin ar dtúis? Dar nóin ní bhéadh nídh ar