gan feuchaint éigin a thabhairt ar na guairíbh. Ach an airighean tú, a Pheig, ní fheadar féin an tsaoghal cad é an paor a bhí ag an bhfear úd na méaracán ar Shéadna, gur thug sé an aghaidh bhéil úd air i lár an aonaigh, gan chúis gan adhbhar.
Peig.—Sin é díreach a bhí ag milleadh Shéadna. Ní fheidir sé cad fé ndear d’aoinne a leithéid a dhéanamh. Is minic ’na dhiaidh sin a bhí sé ar an aonach gceudna ag díol bróg, agus is ’mó tamall fada a chaith sé ag faire ar lucht méaracán ag brath air go bhfaigheadh sé lán a shúl de’n fhear a labhair leis an lá úd, ach ní bhfuair. Agus tá gach aon deabhramh, dá bhfaghadh, ná raghadh a chuid droch chainte i n‑aisge leis.
Cáit.—Is mór an truagh mar a leigeadh i n‑aisge leis ar dtúis é.
Peig.—Tháinig an sgeul ró obann ar Shéadna. Ní raibh uain aige cuimhneamh ar cad ba cheart dó a dheunamh, go mór mór nuair fheuch sé ar fhear na méaracán agus bhí seisean i bhfeidhil a ghnótha féin, gan suim ar bith aige i ngnó Shéadna. Is amhlaidh mar a bhí an sgeul ar ball aige, ní raibh sé ró dheimhnightheach gur bh’é an fear san do labhair i n‑aon chor.
Cáit.—Dómhaise, am briathar ’s ambasa gurab é a bhí agam féin d’á chuimhneamh, leis, go mb’fhéidir nár bh’é.
Peig.—Seadh, agus nach deas an obair a bheadh déanta ag Séadna, dá mbuaileadh sé an duine agus gan aon chúis aige air?
Cáit.—Ambasa is fíor dhuit.
Peig.—Abhfad ’na dhiaigh sin, nuair a bhíodh Séadna ar lorg an fhir, is amhlaidh a bhí sé ceapaithe, dá bhfeiceadh sé é, dul ar dtúis chun cainte leis, agus ansan, nuair a bhéadh sé déanta amach ó’n gcaint aige cia’cu b’é an