Page:Seadna.djvu/52

This page has been validated.
48
SÉADNA

mhuirear throm a bhéadh go minic gan biadh ag a chlainn ná muc sa dorus aige, mura mbéadh Séadna.

Ag dul go dtí Aifrean an Domhnaigh nó an lae shaoire dhó, nó ag dul ar aonach nó ar margadh ag díol bróg dó, is ’mó duine bhíodh ag teacht roimis ar an mbóthar agus ag glaodhach i leath-taobh air, ’ghá rádh, “Gaibh mo leath-sgeul, a Shéadna,—bhéadh an dá phúnt úd agam duit ach gur theip orm an mhuc a dhíol.” Nó, “Go deimhin, a Shéadhna, tá náire orm teacht chun cainte leat agus gan leath-phingin ded’ chuid airgid fós agam duit; ach do buaileadh mo mhac breóite, agus bhí sé lá agus fiche ina luíghe sul a bhfuair sé an t‑aoitheó, agus b’éigean dom beirt bhan fhriotháilte do choimeád ag tabhairt aireachais dó i gcaitheamh na h‑aimsire.”

Bhíodh gach aoinne mar sin agus a thruagh-bhéil féin aige, agus ní bhíodh d’ fhreagra ag Séadna dhóibh ach, “Ná bíodh ceist ort,” nó “Ní fiú biorán a’s é,” nó “Tóg t’aimsir”—agus geallaim dhuit gurab iad a thógadh.

Bhí aon fhear amháin gur thug Séadna an t‑eiteachas dó. Agus má ’seadh, isé cuma ’na dtáinig sé sin ’ná i gculaidh éadaigh uasail, agus é go leathan láidir deagh-shláinteach agus go breagh círíneach beathuighthe, agus a dhá láimh go breagh bog geal leabhair gan rian oibre ná gnótha ortha. Agus seo mar a labhair sé:—

“Go deimhin, a Shéadna,” ar seisean, “tá ceist agus ceann-fé orm é bhreith am’ bheathaidh orm go gcaithfinn teacht ag triall ort-sa ag lorg airgid ar iasacht. Ach do dhéanfadh ceud punt áise mhór anois dom, agus, do réir mar a airighim, ní dhéanfaidh sé ceataighe mór duit-se é thabhairt dom. Ní h‑é gach aon lá a thiocfaidh mo leithéid-se ’ghá iarraidh ort.”