Page:Seadna.djvu/53

This page has been validated.
49
SÉADNA

“Is oth liom ná fuil ceud púnt agam oireamhnach anois le tabhairt duit,” arsa Séadna.

Do stad an duine uasal agus d’fheuch sé ar Shéadna. Ní raibh aon choinne i n‑aon chor aige leis an bhfreagra san. D’fheuch sé ar Shéadna mar fheuchfadh sé ar ainimhíghe éigin neamh-choitchianta. D’fheuch Séadna go seasmhach idir an dá shúil air. Deirtí go raibh feuchaint ana choimhightheach ag Séadna nuair curtí fearg air, agus gur beag aoinne ná cúbadh roimpi. Do chúb an duine uasal úd roimpi. D’fheuch sé síos ar an dtalamh, agus ansan d’fheuch sé an dorus amach, agus ar ball d’fheuch sé ar Shéadna airís agus is amhlaidh a bhí Séadna ag gáirídhe uime.

“Ó,” ar seisean, “do dhéanfadh deich bpúint a’s dachad an gnó.”

“Is oth liom,” arsa Séadna, “ná fuil deich bpúint a’s dachad oireamhnach agam le tabhairt duit.”

Bhain san an mhórdháil ar fad dé.

“Tabhair dhom deich bpúint,” ar seisean.

“Ní bhfaighir,” arsa Séadna.

“Ní eiteóchthá mé ar aon phúnt amháin,” ar seisean.

“Ní’l sé le fághail agat,” arsa Séadna.

“Feuch, a Shéadna,” ar seisean, “tá a fhios ag an dtalamh nár itheas biadh agus nár ólas deoch ó mhaidin indé! Ba mhór an déirc dhuit rud éigin le n‑ithe a thabhairt dom.”

Tháinig an fheuchaint úd i súilibh Shéadna. Do shín sé a mheur chun an doruis.

“Tabhair do bhóthar ort,” ar seisean, “a chladhaire dhíomhaoin!”

Is beag ná gur léim sé an dorus amach.

Síle.—Agus cogar, a Pheig. Ní fheadar cad a chuir an droch fheuchaint sin i súilibh Shéadna. Dar ndóich, ní raibh sé mar sin i gcómhnuidhe.

D