Page:Seadna.djvu/54

This page has been validated.
50
SÉADNA

Peig.—Siné díreach a bhí ag cur iongnadh ar na cómharsanaibh go léir, a Shíle. Mhothuigheadar Séadna ag athrughadh go mór ’na mheón agus i n’aigne. Is anamh do labhradh sé ach nuair a labharthí leis, agus ní gháireadh sé choídhche nach mór. Do chuir sé uaidh ar fad an crónán. Níor chuimhin le daoinibh cathain airigheadar an “Chailleach Ruainneach” d’á cáineadh. Nuair a bhíodh sé ag obair i dteannta na bhfear ní raibh le clos uaidh ó mhaidin go h‑oídhche ach an anál fhada throm agus mion-bhuillí an chasúir bhig agus tarang agus fásgadh an tsnátha chéaraigh. Cheapaidís na fir gur saint chun an airgid do bhí air, trá’s go mbíodh sé ag obair chómh dian. Agus ansan do bhíodh iongnadh ortha a rá go scaradh sé chómh bog leis, ’ghá thabhairt ar iasacht do dhaoinibh nach raibh breith acu ar é aisioc go bráth, agus ’ghá thabhairt dóibh gan uradh gan banna. Nuair nach labhradh seisean ní labhraidís féin, agus ní bhíodh le clos uatha ach an anál fhada throm agus mion-bhuillí na gcasúr mbeag agus tarang agus fásgadh an tsnátha chéaraigh. Ba dhóil leat dá bhfeictheá iad, gur ag obair ar gheall a bhídís. Nuair a bhíodh daoine ag gabháil thar an dtigh do stadaidís ag éisteacht leis an saothar. Agus ansan nuair a ghluaisidís ortha, deiridís le n‑a chéile, “Is beag an iongnadh airgead ag Séadna! Ní fheacamar riamh ceardaidhthe ag obair chomh dian. Cothuighean sé go maith iad agus díolan sé go maith iad, ach má’seadh, bainean sé an obair asta, má baineadh asta riamh í.”

Idir cheardaidhthibh agus cómharsanaibh, do theip ortha glan dhá thaobh an sgéil a thabhairt d’á chéile, nó an cheist sin do réidhteach, .i. cad fé ndear do Shéadna bheith ag obair chómh dian chun airgid a dhéanamh, agus ansan ag sgaramhaint leis chómh bog?

Do lean an sgéal ar an gcuma san ar feadh trí