Page:Seadna.djvu/56

This page has been validated.
52
SÉADNA

dian agus dá mbéadh an saoghal i n‑easba bróg agus gan aoinne chun iad do dhéanamh ach Séadna agus a lucht oibre.

Bhuail sé chuca isteach.

“Bail ó Dhia oraibh anso!” ar seisean.

“Dia a’s Muire dhuit!” arsa Séadna.

“Mhaiseadh go deimhin féin, a Dhiarmuid,” arsa duine des na fearaibh, “is mithid duit é. Tá teinneas am’ shúilibh ó bheith ag strac-fheuchaint síos an cosán san le seachtmhain, ’ghá chuimhneamh ó am go h‑am go bhfeicfinn ag teacht thú.”

“Is greannmhar san de,” arsa Diarmuid, “agus teinneas am’ shúilibh-se agus am’ ghualainn ó bheith am’ sheasamh sa dorus agus mo ghuala leis an ursain, agus ná féadfadh priachán teacht árd an bhóthair anuas a gan fhios dom, agus gach aon fhear a thagadh am’ radharc go mbínn lán-deimhnightheach gur bh’é Séadna a bhíodh ann, go dtí go dtagadh sé i ngar dom.”

“Mise!” arsa Séadna.

“Tusa gan amhras!” arsa Diarmuid. “Nach shin é i mbeulaibh na dtrí bpobal é go bhfuilir féin agus Sadhbh so agam-sa le pósadh Dé Máirt seo chúgainn? Agus an dóil leat ná gur cheart dom bheith ag brath air go mbéadh raint éigin cainte eadrainn sul a dtiocfadh an Mháirt?”

“Tá dearmhad ort, a Dhiarmuid,” arsa duine des na fearaibh. “Ní le Sadhbh so agat-sa atá sé le pósadh, ach le Máire Ghearra, inghean Sheághain Cheataigh thiar, agus d’á chómhartha san féin, tá Seághan imthighthe go Corcaigh a d’iaraidh lóin bídh agus díghe chun na cóisreach, agus ní deirim ná go bhfuil cuireadh fághalta ag á ghaoltaibh i gcóir na Máirte.”

“Tá dearmhad ort-sa, a Mhicil,” arsa fear eile.