Page:Seadna.djvu/64

This page has been validated.
60
SÉADNA

shúilibh? Ó, tuigim anois é. Níor bh’iongnadh liom dá mbáithfeadh sé é féin, agus a leithéid de chrann a bheith air.

Peig.—Ní deirim ná go ndéanfadh sé rud éigin d’á shórt, ach ná tabharfadh sé mar shásamh do’n Fhear Dhubh é. Deireadh sé go minic i n‑a aigne féin, “Is liom na trí bliaghna déag gan buidhchas dó, agus caithfead iad go cúl.”

Nóra.—Is truagh nár fhan sé mar a bhí aige ar dtúis, i dtaoibh le n‑a chrann ubhall agus le n‑a mhealbhóig agus le n‑a chathaoir shúgáin.

Gobnait.—Agus dar ndóigh, dá bhfanadh sé mar sin, a Nóra, ní bhéadh aon bhean uasal ag feuchaint ’na dhiaigh.

Nóra.—Mhaise, ní móide gur bh’fhearra dhó riamh é. Ní fheicim féin d’uaisleacht i n‑a lán acu ach mór-chúis agus doithigheas agus tarcuisne.

Gobnait.—Á! a Nóra, tá a fhios agam-sa cad fé ndear é sin uaireanta. Nuair a chíd siad cailíní beaga ná bíon uasal agus a bhíon níos maiseamhla ’ná iad féin, bíon éad ortha. Tá eagal orm dá mbéinn-se uasal go mbéadh éad orm chúgat-sa.

Nóra.—Airiú, cad ’na thaobh, a Ghobnait?

Gobnait.—Fiafruigh de Shíle cad ’na thaobh.

Síle.—Ní fhiafróchaidh sí de Shíle cad ’na thaobh. Innseadh Gobnait féin anois é, ó tharaing sí an cheist uirthi.

Peig.—Is mór an bhean suilt Gobnait, a Nóra, ach bíon an ceart aici uaireanta.

Cáit.—Agus dar ndóigh, ní ceart do chailín uasal éad ná mór-chúis a bheith uirthi má b’é toil Dé an sgiamh aingilidhe do chur ar chailín bheag íseal.

Síle.—Ní fheadar, a Pheig, na daoine atá gránda ar an saoghal an mbéid siad breagh i bhFlathas Dé?