Page:Seadna.djvu/65

This page has been validated.
61
SÉADNA

Peig.—Ó, a Shíle, a chuid, ní bhéidh aoinne gránda i bhFlathas Dé, ach gach aoinne níos breaghtha agus níos maiseamhla ’ná an t‑é is breaghtha d’á bhfeacaidh súil duine riamh ar an saoghal so.

Síle.—Ní gádh dhóibh éad ná mór-chúis a bheith ortha, má ’seadh.

Peig.—Ní bhéidh éad ná mór-chúis ann, a Shíle, ach chómh beag le h‑aon ní gránda eile.

Síle.—Nach truagh nár ghlac Séadna cómhairle an aingil, i n‑inead bheith ag cuimhneamh ar a mhealbhóig agus ar a chathaoir shúgáin agus ar a chrann ubhall agus ar na dailtínibh a bhíodh ag imirt air!

Peig.—Feuch féin nár ghlac. Ach is dócha dá bhfaigheadh sé an tarna h‑iaracht go nglacfadh. Ní bhfuair sé an tarna h‑iaracht. Dhéin sé a mhargadh. Dhéin sé fé bhrígh na mionn é, agus do bhí air é a sheasamh. Bhí a fhios aige go dian mhaith, chómh luath agus thiocfadh an lá deirineach de na trí bliaghnaibh déag, go dtiocfadh an t‑éilteoir agus ná béadh aon bhreith ar dul i bhfolach uaidh.

Nuair a thug sé tamall maith ’na shuidhe ar Charaig na gCearrbhach ag feuchaint ’na thímpal ar an radharc breagh, do lean sé d’á mhachtnamh:—

“Nach mór a bhí mo chás ag déanamh buartha dhó! D’airigh sé mé ’ghá rádh go rabhas ‘gan bhiadh gan deoch gan airgead.’ Is ’mó duine nach mé a bhí gan bhiadh gan deoch gan airgead, agus nach maith do sgaoil sé thairis iad!—‘Ní’l an margadh ann fós,’ ar seisean. ‘Bíodh ’na mhargadh,’ arsa mise. Ní bhéadh sé sásta leis an méid sin. Níor mhór dó na greamana dubha a chur ann. ‘Dar bhrígh na mionn!’ ar seisean. ‘Dar bhrígh na mionn!’ arsa mise. Dúbhart é gan amhras. Ní’l dul uaidh agam. Má ’seadh, ní deurfainn é mura mbéadh an chuma i n‑ar mheall sé mé. Ní fheaca riamh