sé ar an obair. Níor labhair aoinne an chuid eile de’n lá, agus ní raibh le cloisint ann ach bog-fheaduíol na bhfear, anál fhada throm Shéadna, mion-bhuillí na gcasúr mbeag agus tarang agus fásgadh an tsnátha chéaraigh.
Nuair a chuaidh Micil abhaile an oídhche sin, d’inis a mháthair dó cad dúbhairt Séadna le linn an airgid do thabhairt dí dhó, go ndúbhairt sé gur ar son an tSlánuightheóra do bhí sé ’ghá thabhairt dí. Bhí iongnadh ortha araon, mar níor bh’é a dtuairim riamh go raibh puínn cráibhtheachta ag baint le Séadna.
Do ghluais Micil ag sguruidheacht agus d’inis sé do bhuachaill eile é. Ba ghearr go raibh sé fada fairsing ar fuid na dúithe. D’airigh Diarmuid Liath é. D’airigh an báille é. D’airigh Sadhbh é.
“A dhaid,” arsa Sadhbh, “ar airighis cad a dhéin Séadna le déanaighe?”
“Níor airigheas agus is cuma liom.”
“Sdó’, a dhaid, do cheapamar go raibh ciall aige.”
“Airiú, agus cad do dhéin sé?” arsa Diarmuid.
“Do dhéin sé an tuathal, rud nár theip riamh air,” ar sise.
“Agus cad é an tuathal is deirinighe atá déanta aige?” arsa Diarmuid.
“Tá,” ar sise, “dul agus ceud púnt airgid do thabhairt don tsnamhaire bheag san thuas, máthair Mhichíl bhacaigh.”
“Airiú, a Shadhbh, ná creid é.”
“Ó, go deimhin, a dhaid, ní’l focal bréige ann. Isé an báille féin d’inis dom é. Ní fheadar cá bhfuair sé an tairgead go léir. Agus dar ndóin, cad é an tairbhe dhó airgead a bheith aige má’s mar sin a cheapan sé é a sgaoileadh uaidh? Is maith a dhéinis an cleamhnas