Page:Seadna.djvu/71

This page has been validated.
67
SÉADNA

Micheál an t‑airgead san chómh macánta agus dá mba ná béadh sé fághalta roimh ré aige.”

“Dómhaise,” arsa ’n bhaintreach, “siné iongnadh an sgéil ar fad. Nuair a bhí sé ag díol na bhfear aréir do shín sé púnt chun Micil mar ba ghnáth. ‘Ó,’ arsa Micil, ‘táim díolta cheana.’ ‘Glac é sin uaim,’ arsa Séadna, agus b’éigean dó.”

“Seadh!” arsa Máire Ghearra, “bhídís ’ghá rádh ná raibh creideamh ag Séadna. Bíodh san mar chómhartha acu air!”

“Creideamh?” arsa ’n bhaintreach. “Ní fheaca a leithéid riamh. Dá mairinn míle bliaghan ní chuirfinn as mo cheann an fheuchaint a thug sé orm nuair adúbhairt sé an focal agus é ag síneadh an airgid chúgam. ‘Ar son an tSlánuightheóra,’ ar seisean, agus nuair fheuchas suas air, bhí an dá shúil aige ’á chur tríom i dtreó go dtáinig iaracht d’anfha orm ná féadfainn a innsint duit.”

“Éist, a óinsigh,” arsa Máire. “Cad ba ghádh an t‑anfha?”

“Ó, leig dom féin, a Mháire. Is amhlaidh mar atá an sgeul, dá bhfeuchainn i gcoinnibh a shúl an tarna h‑uair do thuitfinn,” arsa ’n bhaintreach.

“A Shiobhán!” arsa Máire Ghearra.

“Teacht, a Mháire,” arsa ’n bhaintreach.

“Tá rún agam le tabhairt duit,” ar sise, agus bhí creathán ’na ballaibh agus ’na guth.

“Ná bíodh ceist ort, a Mháire,” arsa Siobhán. “Coimeádfad-sa do rún, dá mbéadh m’anam air.”

“Tá a fhios agam-sa go maith go gcoimeádfair, a Shiobhán, ach tá níos mó agat le déanamh dom ’ná mo rún a choimeád.”

Do stad sí. Níor labhair Siobhán.