Gobnait.—Is dócha gur dhéin sé bagún dí.
Síle.—Do rug sé leis í, pé ’n Éirinn é.
Peig.—Ní rug ruadhán alla Mhicil an bheach leis, mar d’imthigh sí uaidh. Agus nuair a cheap Micil go raibh an tamaillín caithte d’fhill sé ar an dtigh. Nuair a bhí sé ag déanamh ar an ndorus d’airigh sé Séadna a’ rádh na bhfocal so:—
“Ba shaoire dhí an bás is measa do fuair duine riamh, agus í ’ghá fhághail seacht n‑uaire i ndiaigh a chéile, ’ná mise ’ghá pósadh!”
Do chas Micil agus chuir sé an talamh de sul ar airigh sé a thuille. Ach má chuir, ní túisge a bhí sé airís ag an dtor aitinn ’ná d’eirigh árd-fhearg air.
“Is deas an obair í seo,” ar seisean i n’aigne féin. “Is leamh an gnó dom’ mháthair teacht anso ag déanamh cleamhnais do Shadhbh Dhiarmud’ Léith! Fan go dtéighead-sa abhaile anocht!”
Le n‑a linn sin do chonaic sé a mháthair ag déanamh air agus aghaidh bhán uirthi ar dhath an bháis. Phreab sé ’na coinne.
“Airiú, a mháthair,” ar seisean, “cad ’tá ort?”
“Éist, éist, a mhic ó!” ar sise i gcogar. “Ní’l aon rud orm. Imthigh isteach chun do ghnótha. Táid na fir eile ag teacht láithreach.”
Chuaidh Micil isteach. Bhí an dorus ar dian-leathadh agus gan duine istigh roimis. Bhí inead Shéadna folamh. Do shuigh Micil agus do tharaing sé chuige a ghnó. Thánadar na fir ’na nduine ’s ’na nduine. Do ghluais an obair mar ba ghnáth. Níor fhill Séadna an lá san.
Síle.—Cogar, a Pheig; dar ndóigh ní h‑ag déanamh cleamhnais do Shadhbh a bhí Siobhán?
Peig.—Cad eile, a Shíle, a chuid?