Page:Seadna.djvu/75

This page has been validated.
71
SÉADNA

Síle.—Do Mháire Ghearra, gabhaim-se orm. Agus ba dhóigh liom, dá mbéadh aon chiall ag Micil, go dtuigfeadh sé an méid sin, feuch!

Gobnait.—Agus cá bhfios duit, a Shíle, gur do Mháire Ghearra a bhí sí ag déanamh an chleamhnais, nó cá bhfios duit an cleamhnas a bhí aici d’á dhéanamh i n‑aon chor?

Síle.—Ó! go deimhin is beag d’á mhearbhall orm. Cad air gur thug sí féin agus Máire Ghearra an oídhche ag cogarnaigh? Cad do bhain codla na h‑oídhche de’n bheirt? Cad é an rún a thug Máire Ghearra dhí? Tá a fhios agam-sa go maith cad a bhí ar siúbhal acu, geallaim dhuit é.

Peig.—Is dóigh liom, a Shíle, ná fuilir abhfad ó’n gceart, agus gur géar-chúisíghe go mór thú ’ná Micil.