Page:Seadna.djvu/78

This page has been validated.
74
SÉADNA

sgannradh. Fé dheire do tháinig sgamal an ngealaigh, agus do cuireadh an mhealbhóg ’na riocht féin. Ba mhór an fhuasgailt é. Ghabh Micil a bhuidhchas le Dia go dúthrachtach, ná bíodh eagal ort, agus ní foláir nó do thuit sámh-chodla le n‑a linn sin air, mar isé ceud rud eile a thug sé fé ndeara ’ná an ghrian ag taithneamh ar an mealbhóig i n‑inead na gealaighe, an obair ar siúbhal ’na thímpal, bog-fheaduíol na bhfear, mion-bhuillí na gcasúr mbeag, agus tarang agus fásgadh an tsnátha chéaraigh. D’fheuch sé anonn ar inead Shéadna. Bhí Séadna féin ann, agus é ag obair chómh dian chómh díchealach agus dá mba ná béadh cuid na h‑oídhche aige go dtí go mbéadh an bhróg san díolta.

D’eirigh Micil agus d’fheuch sé anonn ar a shuidhchán féin.

“A Mhichíl,” arsa Séadna, “eirigh-se abhaile agus ith rud éigin agus codail greas eile. Tá págh an lae indiu tuillte agat tar éis na h‑oídhche. Ní gádh dhuit teacht chun oibre go dtí maidin amáireach.”

Le linn na cainte sin do rádh dhó, d’fheuch sé ar Mhicil, agus d’á mhéid codla a bhí i súilibh Mhicil, thug sé fé ndeara an fheuchaint. D’fheuch sé deich mbliaghna níos sine ’ná mar ’fheuch sé indé roimhe sin. Chomáin Micil leis abhaile. Ach níor sgar an fheuchaint úd le n‑a chuimhne.

“Tá buairt mhí-chuíbhsach éigin air,” ar seisean i n’aigne féin. “Ní mór dom é innsint dom’ mháthair, agus a chur ’na cómhairle cad is ceart a dhéanamh.”

Tháinig sé go dtí an tigh, ach má tháinig, ní raibh tásg ná tuairisg a mháthar ann roimis. Ní raibh críosdaídhe an Luain ann. Do chuarduigh sé mór-thímpal an tíghe. Do ghlaoidh sé uirthi. Ní raibh maith dhó ann.

“Ó, mhais’! Ó, mhais’! Ó, mhais’!” ar seisean,