Ní raibh Diarmuid sa dorus fós. Bhí sé ró luath sa lá. Sheasaimh Micil ar aghaidh an doruis amach.
“A mháthair!” ar seisean, i n‑árd a chinn ’s a ghutha.
Chuir Sadhbh a ceann amach sa dorus, agus greim aráin aici d’á chogaint.
“A mháthair!” arsa Micil airís. “Tar amach anso agus siúbhail leat abhaile láithreach. Tá gnó éigin eile le déanamh agat d’éaghmuis bheith ag teacht anso ad’ mhaidrín lathaighe acu. Má tá cleamhnas le déanamh acu déinidís féin é nó leigidís dó.”
Do shloig Sadhbh an greim do bhí ’na beul.
“Airiú, greadadh chúgat, a bhacacháin!” ar sise, “Cad tá anois ort?”
“Bacachán an eadh?” arsa Micil. “Tá mo dhá dhóithin orm. Ní rabhais-se sásta t’ainim féin agus ainim t’athar a bheith i mbeul na ndaoine, gan mo mháthair-se do tharang isteach i nbhúr ngnó. Ach tabharfad-sa togha an aireachais an rud a theip oraibh féin ná cuirfidh sibh chun cinn é le n‑a congnamh-san. A mháthair! A mháthair, adeirim!”
“Imthigh leat abhaile, a thulcais, agus ná bí ’ghár mbodhradh! Agus má thógais braon, eirigh a-chodla agus cuir díot é,” ar sise.
“Deirim leat ná fágfaidh aon chos díom an áit seo go dtagaidh sí amach,” ar seisean. “Agus deirim rud eile leat, agus creid uaim é, nach gádh dhuit bheith ag caitheamh do bhalcaisí dhíot nuair ná pósfaidh Séadna thú. Ní phósfadh sé thú dá mba ná béadh i n‑Éirinn ach tú, a stiúsaidhe sheanda! A mháthair! A mháthair, a deirim! Tar anso amach, nó raghad isteach agus tabharfad amach ar mo bhacalainn thú.”
“Airiú, a bhrealláin bhacaigh, mura bhfágair an áit sin agus glanadh as mo radharc go diair, cuirfead cómhartha