Page:Seadna.djvu/81

This page has been validated.
77
SÉADNA

ort a leanfaidh dhíot an fhaid a bhéidh cos cham ort,” ar sise, agus ní h‑ag caint a bhí sí ach ag sgreadaigh agus ag léimrigh, agus a gruaig ag rinnce mór-thímpal a cinn.

D’imthigh sí isteach. Cheap seisean go mbéadh a mháthair chuige amach. I n‑a inead san, is amhlaidh d’fhill Sadhbh agus árthach ’na láimh. D’osgail sí an dorus agus do steall sí a raibh san árthach fé n‑a cheannachaibh. Ba mhaith an mhaise aige é, do léim sé i leath-taoibh. Do ghluais an t‑uisge a bhí san árthach treasna an bhóthair agus gal beirbhthe as.

“A chuirpthigh!” ar seisean. “An amhlaidh a mheasais me mharbhadh?”

“Bain an chluas díom,” ar sise, “dá bhfaghthá an méid sin ná tiocfá anso airís ag lorg do mháthar, an snamhaire!”

Le n‑a linn sin, seo amach Diarmuid agus a chaipín breac air. Do rug sé ar ghualainn ar Mhicil.

“A Mhicil,” ar seisean, “tá dearmhad éigin ort. Ní’l do mháthair anso, ná ní raibh, ní fheadar cathain.”

“An ndeirean tú liom é?” arsa Micil.

“Deirim gan amhras,” arsa Diarmuid. “An amhlaidh ná fuil sí sa bhaile?”

“Ní raibh sí sa bhaile nuair ’fhágas-sa an baile,” arsa Micil.

“An raibh sí sa bhaile aréir?” arsa Diarmuid.

“Is fíor dhuit go díreach,” arsa Micil. “B’fhéidir go raibh, agus gurab amhlaidh dh’fhágas am’ dhiaigh sa bhaile í.”

Bhí aithne ag Micil ar Dhiarmuid agus ar a cheisdiughchán, ach ní raibh sé le dul uaidh chómh saor.

“Stad, a Mhicil,” arsa Diarmuid. “Ná bí ’ghá leigint ort gur amadán tú, mar ní h‑eadh. Cad do