Page:Seadna.djvu/84

This page has been validated.
80
SÉADNA

romham istigh. Níor tháinig sé i gcaitheamh an lae, agus ansan nuair a bhíodar na fir ag dul abhaile, d’fhanas-sa i bhfeidhil na h‑áite. Cheapas an uile neómat go mbéadh sé chúgam an dorus isteach. Thuit mo chodla orm tráth éigin de’n oídhche, agus nuair dh’osglas mo shúile, is amhlaidh a bhíodar go léir ag obair am’ thímpal, agus Séadna ann leis. Agus cogar, a mháthair, tá buairt mhór éigin air.”

“Dhé, cad í an bhuairt a bhéadh air? Ná fuil a dhóithin an tsaoghal airgid aige agus an uile dhuine buidheach dhe?”

“Tá a fhios agam-sa aoinne amháin ná fuil ró bhuidheach dhe,” arsa Micil.

“Cia h‑é sin?” ar sise.

“Tá, Sadhbh Dhiarmuda,” ar seisean.

“Airiú, cad é an chúis?” ar sise.

“Tá,” ar seisean, “cúis a dóithin, mar ná pósfadh sé í.”

“Dhe, sgeimhle uirthi, an cairiún! Cia phósfadh í sin?”

Do thuit Micil siar ins na trithíbh dubha ag gáirídhe.

“Cairiún! Cairiún! Cairiún!” ar seisean. “Ó nach truagh nár chuimhnigheas ar an ainim sin ar maidin!”

“Agus cad é an gnó a bhéadh agat dé ar maidin?” ar sise.

“Ar maidin an lae fé dheire, adeirim,” ar seisean, “nuair a cuireadh síos ann mé a d’iaraidh leathair, agus thug sí ‘bacachán’ orm.”

“Thug sí ‘bacachán’ ort!” arsa an mháthair. “Dá mbéinn-se ag éisteacht léi, do ’neósainn di cia h‑iad na bacacháin a bhain léi, agus do ’neósainn rud eile dhi ná ’neósad duit-se anois, rud a bhainfeadh an mhórdháil di, geallaim dhuit é.”

“Agus cogar, a mháthair. Má ’s é sin do mheas