Page:Seadna.djvu/89

This page has been validated.
85
SÉADNA

ansan d’imthigh Seághan Ceatach abhaile agus tá Séadna imthighthe soir go tigh an tsagairt.”

“Cad a bhí acu d’á rádh sa pháirc?” ar sise.

“Ní fheadar,” ar seisean. “Bhíodar ró fhada uaim.”

B’fhíor do Mhicil é. Bhí Séadna imthighthe go tigh an tsagairt, ach má ’seadh, ní chun an chleamhnais a chríochnughadh é.

“Dia dhuit, a Shéadna!” arsa ’n sagart. “Is cneasda go léir na bróga iad súd a chuiris chúgam an lá fé dheire.”

“Dia ’s Muire dhuit agus Pádraig, a Athair! Tá áthas orm mar a thaithnid na bróga leat. Ach isé rud a thug anois chun cainte leat mé ’ná mé a bheith i gcruadh-chás.”

“Go deimhin agus go dearbhtha, a Shéadna, is oth liom san do chlos; agus ní mé amháin, ach ní’l duine ar fuid na dúithe, íseal ná uasal, bocht ná saidhbhir, nár bh’oth leó é. Agus go deimhin féin, agus ní i dtaoibh tu bheith láithreach adeirim é, ba mhaith an ceart dóibh.”

“Is ’mó céim cruaidh gur ghabhas tríd le tamall, a Athair. Ach sidé an greim is géire d’ár rug riamh ar mo chroídhe. Tá aithne agat ar inghín Sheághain Cheataigh?”

“Tá gan amhras, a Shéadna. Cia aige ná fuil aithne ar Mháire? An óig-bhean is creideamhnaíghe sa pharóiste.”

Níl a leithéid eile ag siúbhal drúchta indiu, a Athair, agus is amhlaidh mar atá an sgeul agamsa le fada, do thabharfainn a bhfuil an tsaoghal agam, agus a raibh riamh agus a mbéidh go bráth, ar neart a bheith dhom í phósadh.”

“Is truagh nár innsis an méid sin dom fadó, a mhic ó. Tá a fhios agam-sa, ar shlígh nach misde dhom a