“A Shéadna,” ar seisean, “is tú an fear is éagsamhlaíghe d’ár bhuail riamh fós umam i n‑aon taobh d’ár thugas m’aghaidh. Nuair a thánaís isteach, do thuigeas uait ná raibh nídh ar bith ag briseadh do chroídhe ach gan neart a bheith dhuit Máire Ghearra do phósadh. Anois, siné a h‑athair, le n‑a lán-toil féin, ’ghá bronnadh suas ort, agus ní’l agat le rádh ach gur truagh agus gur tubaisteach an sgeul é! Cad é mar shaghas duine thú? Nó cad ’tá uait?”
“Ní h‑iongnadh tú ag cur na ceiste sin, a Athair,” arsa Séadna. “Is deacair a rádh cad é an saghas duine mé, ná cad ’tá uaim. Pé saghas duine mé, tá an méid seo agam le rádh i dtaoibh an chleamhnais seo: ba shaoire do Mháire Ghearra an bás is dona d’á bhfuair daonaidhe riamh ’ná mise ’ghá pósadh. Siné an saghas duine mé. Dá bhféadfainn teacht suas le duine éigin do labharfadh léi agus do nochtfadh an sgeul san dí, agus do thabharfadh cómhairle a leasa dhí, .i. mise do chur as a h‑aigne agus as a croídhe, agus í féin a thabhairt suas do Dhia mar a thug sí riamh, siné atá uaim. Cheapas go ndéanfadh an bhaintreach é. Má dhéin, níor tháinig léi. D’iaras ar Sheághan Cheatach féin ó chianaibh é dhéanamh. Is baoghal liom ná feadair an duine cad is maith dhó a dhéanamh. Do thánag chúgat-sa, a Athair, ag brath air, as méid do thaithíghe agus do thuisgiona agus do mheabhrach cinn féin, go ndéanfá é, nó go gcómhairleóchthá cad is fearr a dhéanamh sa chás.”
“Tá eagal orm, a Shéadna,” arsa ’n sagart, “go bhfuil éagcóir throm agat d’á déanamh ort féin. Tá aithne mhaith agam ort le fada. An lá is dealbha d’á rabhais, níor airigheas luach feóirlinge ag aoinne d’á chur ad’ leith. An lá is neamh-spleadhaíghe d’á rabhais, níor h‑abradh riamh gur dhéinis éagcóir ar cheardaidhe,