Page:Seadna.djvu/93

This page has been validated.
89
SÉADNA

CAIBIDIOL A H‑AONDEUG.

Le n‑a linn sin do bhí Micil agus a mháthair ag críochnughadh an chleamhnais ar a ndícheal. Is beag ná go raibh sé socair acu cia h‑iad a bhéadh ar an gcóisre.

D’airigheadar an duine ag teacht chun an tíghe. Phreabadar ’na suidhe. Bhíodar ag feuchaint an doras amach. Cia gheabhadh thar an ndorus ach Séadna! D’fhéach sé isteach ar an mbeirt. Níor bhog sé a bhéal. Níor dhein sé ach feuchaint ortha. Ba dhóigh leat gurab amhlaidh a cheangail an fheuchaint sin de’n talamh iad. Níor stad sé d’á shiúbhal. Níor dhéin sé ach feuchaint ortha agus comáint leis.

Níor labhair aoinne de’n bheirt go ceann abhfad. Fé dheire do labhair an mháthair.

“Seadh!” ar sise. “Cad deirir anois leat féin?”

“Deirim gur neamh-choitchianta an suiríghe é,” arsa Micil. “Duine réidh chun a phósta, agus é ag dul chun cainte leis an mnaoi óig, agus é tar éis bheith ag caint leis an sagart, gan casóg gan hata air, aprún gréasaidhe air, céir ar a mhéireanaibh, agus coinneal ’na dhá shúil! Tá an sgeul ag dul sa mhuilion orm.” Agus do bhuail sé amach agus suas chun a ghnótha. Agus geallaim dhuit ná raibh an misneach céadna sa chois bhacach ag gabháil suas a bhí inti ag gabháil síos aige.”

Bhí Seághan Ceatach ’na shuidhe sa phárlús, ’na thigh féin, i n‑aice na finneóige. Bhí Máire ’na suidhe ar a aghaidh amach. Cé chífidís ag teacht chun an dorais ach Séadna. Do phreab Seághan amach ’na choinnibh.

“Airiú, míle fáilte rómhat, a Shéadna!” ar seisean.