Page:Seadna.djvu/95

This page has been validated.
91
SÉADNA

dhéin a thíghe féin, agus má fheuch, tháinig gráin mhillteach aige ar an dtigh agus ar an áit, ar an gcrann agus ar an gcathaoir agus ar an mealbhóig, ar an obair, ar a raibh os cionn talaimh ann, istigh agus amuich. I n‑inead aghaidh a thabhairt ar an mbaile, thug sé aghaidh ar an gcnoc. Ag gabháil thar tigh cómharsan dó bhí beirt leanbh ag spórt sa chlós, agus chómh luath agus a chonacadar é do ritheadar isteach ag sgreadaigh.

“Ó a mham!” arsa duine acu. “Tá duine buile amuich sa chlós agus d’ fheuch sé orm!”

Chuir Séadna an cnoc amach de. Nuair a shrois sé an fiaradh bhí iongnadh air a luighead tuirse a bhí air agus an cnoc chómh dian. Bhí radharc áluinn ó’n mullach. Do chonaic sé an tsráid, agus páirc an aonaigh, agus tigh Dhiarmuda Léith, agus tigh na baintrighe. Do chonaic sé a thigh féin agus tigh Sheághain Cheataigh. Dá mbéadh an radharc seacht n‑uaire níos aoibhne, ní bhainfeadh sé an chloch as a chliabh ná ní thógfadh sé an sgamal d’á cheann. Bhí plásóg bhreagh mhór leathan chúnlaigh ar bhárr an chnuic, chómh tirim le leabaidh chlúimh eun, agus chómh bog san go raghadh duine go glúinibh inti. Do chaith sé é féin sa phlásóig sin ar a bheul agus ar a aghaidh, agus ní dócha go raibh ar thalamh tirim na h‑Éirean an lá san fear eile chómh brúighte chómh basgaithe aigne leis.

Fé cheann tamaill do thóg sé a cheann agus d’fheuch sé siar fan chliatháin an tsléibhe. Chonaic sé an bhean ag gabháil aniar. Cheap sé ar dtúis gur bhean éigin des na cómharsanaibh í, a bhí ag gabháil cómhgar an chnuic. Ba ghearr gur thug sé fé ndeara go raibh sí ag déanamh ceann ar aghaidh ar an áit i n‑a raibh sé féin. Phreab sé ’na shuidhe. Ba ghearr gur aithin sé í. An bhean chos-nochtaithe isí a bhí ann!

“Síothcháin Dé ort, a Shéadna!” ar sise.