Page:Seadna.djvu/97

This page has been validated.
93
SÉADNA

d’iaraidh feuchaint ar an liathróid, agus neart an tsoluis ag baint na súl as.

“Is leat-sa é,” ar sise.

“Cad do bhéarfadh gur liom-sa é?” ar seisean.

“Siné an gníomh a dhéinis ar maidin indiú,” ar sise, “an gníomh is uaisle d’ár déineadh i n‑Éirinn le fada.”

“Cad é an gníomh uasal so a dhéineas-sa ar maidin indiú, airiú?” ar seisean.

“Do dhéinis,” ar sise, “an bhean is fearr i n‑Éirinn do chur ód’ chroídhe ar son an tSlánuightheóra.”

“Cad é mo leigheas air?” ar seisean. “Conus dh’fhéadfainn a leithéid d’éagcóir a dhéanamh ar a leithéid de mhnaoi?”

“Do sgarais le n‑a leithéid de mhnaoi níos túisge ’ná a dhéanfá a leithéid d’éagcóir,” ar sise.

Le n‑a linn sin do dhéin sí air suas agus do chuir sí an slabhra ar a mhuineál, agus do chuir sí an tseóid isteach ’na bhrollach, ar aghaidh a chroídhe.

“Coimeád ansan é,” ar sise, “agus an cás is cruadha a bhéarfaidh choídhche ort, agus an greim is géire a thiocfaidh ort, ní chaillfidh ar do mhisneach.”

Ní túisge a chuir sí a lámh isteach ’na bhrollach ’ná a mhothuigh sé mar a phleusgfadh rud éigin ’na dhá chluais. D’imthigh an ceó. Do gheal an spéir agus an talamh. D’imthigh an bhuile bhuartha as a aigne, agus bhí a chroídhe féin airís aige.

Ní túisge a bhí an focal deirineach ráidhte aici-si ’ná tháinig ceó éigin bán ’na tímpal a chlúduigh ó n‑a radharc í, agus ansan do leath an ceó amach agus ní raibh sí ann.

D’fheuch sé ’na thímpal ar an spéir agus ar an dtalamh. Bhí a aigne chómh suaimhneasach agus a bhí sí riamh i gcaitheamh a shaoghail aige. D’fheuch sé anonn ar an sráid, anonn