Page:Suantraidhe agus goltraidhe - Pearse.pdf/16

This page has been proofread.

A ṀIC ḂIG NA gCLEAS.

A ṁic ḃig na gcleas,
Is maiṫ is fear dom
Go ndearnais mí-ġníoṁ:
Can go fíor do loċt.

Maiṫim ḋuit, a leinḃ
An ḃéil deirg ḃuig:
Ní ḋaorfar liom neaċ
Ar ṗeacaḋ nár ṫuig.

Do ċeann maiseaċ tóg
Go bpógad do ḃéal:
Má’s feirrde aon dínn sin,
Is feirrde mise é.

Tá cuṁraċt id’ ṗóig
Naċar fríṫ fós liom
I bpógaiḃ na mban
Ná i mbalsam a gcorp.


10