Page:Suantraidhe agus goltraidhe - Pearse.pdf/23

This page has been proofread.

MISE ÉIRE.

Mise Éire:
Sine mé ioná an Ċailleaċ Béarra.

Mór mo ġlóir:
Mé do rug Cú Ċulainn cróḋa.

Mór mo náir:
Mo ċlann féin do ḋíol a máṫair.

Mise Éire:
Uaigniġe mé ioná an Ċailleaċ Béarra.

17