Page:Táin Bó Cuailnge 'na dráma - Ua Laoghaire.pdf/19

This page has not been proofread.
5
TÁIN BÓ CUAILNGE

huaiḃreaċ lé nuair a ḃíon fearg i gceart uirṫi. Is cuma nó an splanc í. Mo ṫruaġ-sa an naṁaid ’na dtugan sí aġaiḋ an uair sin air! Aċ nuair a ḃíon sí ar a suaineas agus ar a socraċt, agus a haigne ciúin ó ḟeirg agus ó ḃuairt níos ḋóiċ leat gur ḃ’í an ḃean ċéadna ḃeaḋ agat i n‑aon ċor, bíon sí ċoṁ mín ċoṁ maorḋa ċoṁ cneasda san. Annsan is eaḋ ċítear áilneaċt a gnúise agus daonaċt a croiḋe agus solus a gáire. Is minic a ċráḋaim í, aċ ní ḃíon leiġeas agam air. Ní beag liom do ṡult ḃeiṫ ġá cur i ḃfeirg agus annsan ġá maolú. Díolaim as go minic, aċ d’ḟuilingeóċainn oiread eile. Ní dóiċ liom go raiḃ an ḃean san riaṁ i nÉirinn do b’ḟearr ná í. A! a Ċonċoḃair, is olc a sgarais lé. Tu féin fé ndeár é. Aċ is mise a ḃuaiḋ leis. Ċuir sé teaċtaireaċt ’ġá hiaraiḋ aċ ba ṫeaċtaireaċt é nár ḃ’ḟoláir diúlta ḋó. Diúlta iseaḋ do ṫeastaiġ ó Ċonċoḃar. Ċeap sé go mbeaḋ an dá ṫráiġ ag teaċt leis nuair a ḃeaḋ iarṫa aige agus ná glacfaí é. Is dóiċ liom go raiḃ ana-ḋúil aici go n‑iarfaí í ar ċuma ’na ḃféadfaḋ sí é ġlacaḋ. Is dóiċ liom go raiḃ sí i ngráḋ leis go mór tamal. Níor ḃ’iongna go mbeaḋ. Is áluinn, uasal, ríoga an fear é. Pé cleas d’imir sé uirṫi san iaraiḋ a ċuir ḟiaċaiḃ uirṫi diúlta ḋó, tá a ṫoraḋ anois aige. Tá fuaṫ niṁneaċ marḃṫaċ aici ḋó, mo ġraiḋn í! Is dóiċ liom gur mó an fuaṫ atá aici ḋó ná mar a ḃí aici do Ḋeirdre féin. Ní ḟeadar cad do ḋall Conċoḃar. Is fiú seaċt nDeirdre Méiḃ. Dá mb’ ag tráċt ar áilneaċt féin é is breáġṫa go mór í ná Deirdre. Is ait mar atá an sgéal anois ag Conċoḃar. Do ḋein sé feall