Page:Táin Bó Cuailnge 'na dráma - Ua Laoghaire.pdf/65

This page has not been proofread.
51
TÁIN BÓ CUAILNGE

An dara fear.—Mise mar sin!

(Tig fear eile isteaċ.)
Seo fear eile atá ar seaċrán. Cé hé ṫusa, a ḟir ṁaiṫ?

An tríoṁaḋ fear.—Éist! Tá Fearġus ċuġainn!

(Imṫiġid. Tig Fearġus agus Méiḃ isteaċ agus cualaċt ríogra leó.)

Fearġus.—Táṫar ċuġaiḃ, a ḟeara Éirean. Déiniḋ faire nó tiocfar i gan ḟios oraiḃ. Ṫáinig a ṁeanmna ċuġam. Is é mo ḋalta féin é. Ṫáinig a ġéar-ṁeanmna ċuġam. Is é an león leadarṫa é, agus an braṫ bioḋḃa, agus an bioḋḃa soċraide, agus an ceann cosdaiḋṫeaċ, agus an ciorḃaḋ mór-ṡlóġ. Is é mo ḋalta é. Is me a ṁúin a ċleasa gaile agus gaisge ḋó. Táid na cleasa go hoilte aige. Is cuma ameasg a naṁad é nó león ameasg caoraċ. Ní féidir do naṁaid teaċt ar a aigne ná a ḟios d’ḟaġáil cad é an fuadar a ḃíon fé, agus deinean seisean iad do ḃreiṫniú ċoṁ cuinn sin náċ féidir dóiḃ an t‑eólus ná an beartú a ḃíon ’n‑a n‑aigne do ċoimeád uaiḋ. Ní ḟéadan soċraid ṁór naṁad seasaṁ i na aġaiḋ, leagan sé agus gearran sé mór-ṡluaġ roimis amaċ, mar a ġearrfaḋ speal féar glas. Is é mo ḋalta é. Cú Ċulainn mac Sualtaim. Tá sé ag teaċt agus ní maiṫ an ḃail ar ḟearaiḃ Éirean é ḃeiṫ ag teaċt. Is cuma é nó cainneal aḋanta. Tá solus a ṁór-ġníoṁarṫa le lasaḋ agus le leaṫaḋ ar fuid na hÉirean ar fad le déine an ċoisg a ċuirfiḋ sé ar an mór-ṡluaġ so. Tá sé óg, aċ dá óige é tá a ċlú go hárd ċeana féin tré a ḟeaḃas a ḋeinean sé forlaṁas agus reaċt agus smaċt agus feiḋm dliġe