Page:Táin Bó Cuailnge 'na dráma - Ua Laoghaire.pdf/80

This page has not been proofread.
66
TÁIN BÓ CUAILNGE

ar aoinne againn mar ġeall air sin. Ḃí báiḋ againn go léir leis an ḃfear mboċt toisg gan é ḃeiṫ ċoṁ láidir ná ċoṁ deaġ-ċúmṫa leis an gcuid eile againn. Is mór an truaġ é féin agus Fear Diaḋ do ḋul riaṁ i ngéilsine do Ṁéiḃ agus d’ Oilill. Aċ ní’l leiġeas anois air.

(Tig Cú Ċulainn isteaċ.)
Seaḋ, a rí, ar ṫáinig leat an t‑airṁeas do ḋéanaṁ?

Cú.—Ṫáinig. Is é rud fé ndeár an bun os cionn ná tríoċa céad na nGailian do ḃeiṫ díosgaoilte ar an mór-ṡluaġ i dtreó nác féidir liom ṫar rian cúigir acu d’ ḟeiscint ċoiḋċe i ḃfoċair a ċéile. Tá ċeiṫre ṫríoċa céad déag Connaċtaċ ann, agus ḋá ṫríoċa céad déag Muiṁneaċ, i n‑éaġmais gnáṫ-ṫeaglaiġ Ċú Raoi ṁic Dáire féin. Tá Pobal na Teaṁraċ ann. Tá tríoċa céad na nGailian díosgaoilte ar an mór-ṡluaġ, an tríoċa céad is fearr orṫa go léir. Cuir leis an méid sin gnáṫ-ṫeaġlaċ Ṁéiḃ agus gnáṫ-ṫeaġlaċ Oiliolla agus ní ḃeiḋ fé ḃun daċad tríoċa céad agat, a Laoiġ!

Laoġ.—Oċ ón! óċ ón! Céad agus fiċe míle fear! Ní fágfar duine ná beiṫiḋeaċ againn! Ní fágfar tiġ ná treaḃ i gCúige Ulaḋ!

Cú.—Gaiḃ na heiċ dúinn, a Laoiġ, go leanam iad. Is cuma liom ceocu rómpa nó ’na ndiaiḋ nó ’na lár a ṫiocfad orṫa, aċ mara gcuiread rian mo láṁ orṫa indiu ní ḃeiḋ mé beó!