2
áit (Aċt an Caiptin aṁain) d’ḟéadfaḋ póg ṫaḃairt di gan seasaṁ ar stól nó ar ċaṫaoir féin! Agus duḃairt muinntir na mná, ġa ḃfreagairt, gur mar ġeall ar an gceann mór mongaċ a ḃi ar an gCaiptín gur ṗós sise é: ḃí sí beagan mallraḋarcaċ agus cé heile d’ḟéadfaḋ sí aiṫneaċtail agus é píosa uaiṫi aċt fear an ċinn ṁóir ṁongaiġ?
Ní féidir a raḋ le dearḃaċt anois cé aca dream a raiḃ an ceart aca. Ni feidir a ḋéanaṁ aċt baraṁail a ṫaḃairt. Ba ṁór an ḃean ċainnte bean an Ċaiptín nuair ḃíoḋ an fonn uirṫi. Ċaiṫ sí seaċt n-uaire ag cur cainnte ḋi i gcuideaċtain an Ċaiptín la sul ar ṗósadar agus eisean ag eisteaċt léiṫe gan smid a raḋ: an lá sin ba ḋóiġ léiṫi naċ raiḃ aon ḟear eile ar an saoġal aċt é, agus ċeap sí a ṗósaḋ dá ḋeóin nó ḋá aiṁḋeoin— nár ṁór an t-áḋ ḃí ar an gCaiptín nár ṫug sé faoi deara go raiḃ se n-a ṡaṁ-ṡuan ar feaḋ moran de’n aimsir? Agus nuair a ḋúisiġ an Caiptín duḃairt sé leis féin go mba ṁór an gar do ḋuine mar é, naċ raiḃ i n-ann codlaḋ déanaṁ aċt go dona, a leiṫéid de ṁnaoi ḃeiṫ aige. Bean a ḃí i n-ann suantraiġe seaċt n-uaire a ċanaḋ, ar ndóiġ ba ṁór an tseóid í.
Agus ṗós sé í. Marab é sin an fáṫ gur ṗós sé í—é sin nó na císdí deasa mine coirce—is cinnte naċ ar áilneaċt a pearsan ṫug sé gráḋ ḋi. Ḃí sí árd, an-árd, lom, tanaiḋe. An craiceann rocaċ garḃ ḃí uirṫi ḃí sé ar ḋaṫ luaiṫre móna fluiċe. Ṡílṫeá uirṫe gur le haġaiḋ duine eile cumaḋ an craiceann sin, le haġaiḋ duine ḃí i ḃfad níos raiṁe ná í féin. Ḃí mála mór de’n ċraiceann ḃuiḋe sin faoi n-a smig—ḃéaḋ fonn ar ḋuine féaċaint cé’n ḟad d’ḟéadfaḋ sé baint as an sproċal sin gan an ḃean ḃoċt a ġortuġaḋ! Aċt ní ḃeaḋ ort aċt an fonn nuair a ṫiuḃraḋ sí faoi deara ṫú ag dearcaḋ ar an sproċal sin! Ḃéaḋ ḟios agat uirṫi go ḃféadfaḋ sí ḃeiṫ an olc le daoine mí-ṁúinte.
Ní raiḃ uirṫe aċt aon dul-amuḋa aṁáin. Ċeap sí naċ raiḃ aon ḃean eile ar an saoġal ċoṁ breáġ léiṫe féin, agus níor facṫas ariaṁ fear a ṡeól fairrge ḃí ċoṁ