5
ḃí sé, mar ċeap sí go mb’ḟéidir go raiḃ faoi géilleaḋ ḋi.
D’osgail sé a ḃéal faoi ḋeire. Ḋún sé arís é go raiḃ an tsrón agus an smig buailte ar a ċéile mórán. Sgar an smig agus an béal ó n-a ċéile beagán,—dá mbeaḋ ordóg ḃeag ort d’ḟeadṫá í ṡáiṫ’ isteaċ eatorra —annsin ṫosaiġ an Caiptín Mongaċ a srannaḋ!
“Tá sé i n-am agat a ḋul a ċodlaḋ,” ars’ a ḃean.
“Ceapaim gur fíor ḋuit é,” ar seisean, agus ċuaiḋ.
Aċt ḃí a ḃean i n-ann an ċluain a ċur ar an gCaiptín Mongaċ aon lá dá n-eiriġeaḋ sí. I ngan ḟios dó’n tsaoġal déantar na gníoṁṫara is mó, deireaḋ sí go minic, agus is i ngan ḟios ḋó-san ċuireaḋ sí an ċluain air.
Ar maidin lá ’r n-a ḃáraċ d’eiriġ sí ar a hoċt a ċlog. Ḋúisiġ sí Máire Ḃán agus an Búrla. Do niġ agus do ġléas sí iad, ṡáiṫ leaṫ ċisde mine coirce i láiṁ gaċ duine aca agus duḃairt leó siuḃal.
Ḃí coisiḋeaċt iongantaċ ag mnaoi an Ċaiptín Ṁongaiġ. Ḃí sí árd agus cosa caola fada fuiṫe, agus naċ í ḃí i n-ann na coisméaga ṫaḃairt! Is minic duḃairt m’aṫair liom go mbíoḋ buaċaillí an ḃaile ag toṁais luirg a cos sa mbóṫar ḟliuċ, agus ní raiḃ aon duine orṫa, aċt é féin aṁáin, a ḃí i n-ann truslóg a ṫaḃairt ċoṁ fada le coismeag leiṫi-se! Ṡilṫeá uirṫi agus í ag siuḃal, go raiḃ báisdeaċ ṁór air agus go raiḃ socraiġṫe aici ḃeiṫ ar an ḃfosga sul a dtiocfaḋ sé.
Ḃí an ṁaidin seo roinnt fuar. Rinne sé sioc san oiḋċe, agus ḃí fuaċt maiṫ san aer. An láṁ a ḃí i ngreim san gcísde ṁine ċoirce ag Séan Óg, ag an mBúrla, ḃí sí ar ḋaṫ pluma ṁaiṫ ṁór aipiḋ. An láṁ eile leis a ḃí i ngreim i mbeinn de ṡean-dolman duḃ- uaiṫne a ṁáṫar, ní raiḃ sí ċoṁ dona aċt is beag naċ raiḃ. Ḃí air deiċ gcoisméag a ṫaḃairt i n-aġaiḋ gaċ coisméige leiṫe-se, agus ċoinniġ sin roinnt teasa ann. Ag riṫeaċt i mbárr a anma ḃí an Búrla boċt!
Ní raiḃ an sgéal ċoṁ dona sin, ná a leaṫ, ag Máire Ḃáin. Ní raiḃ ar Ṁáire aċt naoi gcoisméag a ṫaḃairt