Page:Tír na n-Iongantas - Ó Conaire.djvu/18

This page has not been proofread.

10

siúd! D’eiriġ Máire de ġeiṫ, agus nuair d’eiriġ, ṫarraing sí an Búrla amaċ ar an urlár leiṫe. Cuir an ropaire sin snaḋm ar a ḋá léine sul a ndeaċadar a ċodlaḋ.

Ċuala a máṫair an torann a rinneaḋ nuair a ṫui- teadar ar an urlár, agus ṫug sí amaċ iad go ḃfeicfidís a saoṫar féin.

Níor ċuiṁniġ an Búrla gur ar bórd luinge a aṫar a ḃí sé.

“Tá an t-urlár as luasgaḋ a ṁaim,” ar seisean is é ag caoineaċán.

“Agus tá daoine ag siuḃal ar ṁullaċ a’tiġe,” ars’ Máire ag baint na sram as a súile.

“Agus tá pian ’mo ḃolg,” ars’ an Búrla, agus daṫ bán air.

“An ṁuir-ġalra a ṁiċ” asa’n ṁáṫair. “Ḃéaraiḋ mé ḃraoinín bainne ḋuiṫ; naċ cuiṁneaċ leat gur ar bórd na Brídeóige atámuid?”

B’éigin do’n Ḃúrla suiḋe, B’éigin do Ṁáire suiḋe freisin. Fágtar n-a suiḋe sa gcúinne iad go n-imṫiġiḋ an muir-ġalra díoḃ.

Ċuala an Caipín Mongaċ an dá ḃuille baineaḋ as clogán na luinge D’eiriġ sé. Nuair a ṫáinig se am aċ san aireagal n-a raiḃ a ḃean, ní raiḃ air aċt drár agus léine ġorm agus caipín dearg oiḋċe.

D’ḟéaċ sé n-a ṫimċeall. Ċonnaiċ sé na pictiúir diaḋa a ḃí croċta as easnaċaiḃ na luinge ag a ṁnaoi.

“Dar Ċrom!” ar seisean, agus leis an gcaoi ar ḋuḃairt sé é ḃéarfá an leaḃar gur bualaḋ an tsrón ḟada iolraċ a ḃí air i n-aġaiḋ a smige.

Ċonnaic sé an cat duḃ ’na ċodlaḋ i mbosga.

“Dar cnáṁ droma mo ṡean-ṁáṫar!” ar seisean, agus ṫuit an caipín oiḋċe ḋe leis a iongnaḋ a ḃí air, agus ċeapfá naċ raiḃ aon ċeann i gcaipín oiḋċe ariaṁ roiṁe a ḃí ċoṁ mongaċ le ceann an Ċaiptín.

Ċonnaic sé an buidéal uisge coisreagan a ḃí croċta ós cion leapṫan na bpáisdí, agus an Paidrín, agus an ceann sionnaiġ ḃíoḋ ós cion an dorais aca sa mbaile.