Page:Tír na n-Iongantas - Ó Conaire.djvu/19

This page has not been proofread.

11

“Dar ciall na seaċt suaḋ ndall báiṫeaḋ i ndaḃaċ fíona fadó!” ar seisean.

Ḃí faoi a lán eile a ráḋ aċt ċaill sé a urlaḃra ar ar ḟeiceáil na páisdí ḋó.

Ḃuail sé faoi ar ḃosga. D’ḟéaċ go géar agus go dúr ar a ṁnaoi a ḃí ag iarraiḋ seasaṁ ar an urlár corraċ agus é ag cinnt uirṫe.

“A ḃean gan ciall gan réasún,” ar seisean, “a ḃean gan meaḃair gan maiṫ,” ar seisean, aċt ós rud é nár ṫuig Máire Ḃán ná an Búrla briġ a ċuid cainnte ní féidir é sgríoḃaḋ annseo, mar níl aon uġdar agam-sa leis an sgéal aċt iad-san beirt.

Aċt bí cinnte ḋe naċ molaḋ mór a fuair an ḃantraċt ó’n gCaiptín nuair ṫuig sé cé ’n an cleas d’imir a ḃean air.

“Tá císdi deasa mine coirce agus crúisgín de ḃainne an tsean ġaḃair ḋuiḃ agam annseo ḋuit,” ars’ a ḃean go ciúin réiḋ nuair a ḃí a ṡeaċt ndoṫain cainnte déanta aige.

Ṡuiḋeadar uile ċun bíḋ.

“An rud atá i ndán do ḋuine caiṫfiḋ sé cur suas leis,” ars’ an Caiptín Mongaċ nuair a ḃí roinnt ṁaiṫ de na císdíḃ deasa mine coirce iṫte aige, “aċt caiṫ- fear an ceann sionnaiġ úd a ṫeilgean amaċ sa ḃfairrge sul ḟeicfeas aon duine de na mairnéalaiġiḃ é. Ceann sionnaiġ i gcabán caiptín luinge!”

Rinne sé gáire. B’forus d’aiṫint air gur ṫaiṫniġ na císdí mine coirce leis, agus ḃí áṫas an doṁain ar a ṁnaoi go ḃfuair sé an blas ceart orṫa i ḃfad ó ḃaile.


VI.

Aċt cuireaḋ isteaċ orṫa sul a raiḃ an béile críoċ- naiġṫe aca.

Ċonnaic Máire Ḃán ḋá ċois ṁóra ar an staiġre ḃeag. Ní raiḃ bróg ná bútais orṫa, aċt mura raiḃ ḃí cnapaí a ḃí ċoṁ mór le fataiḃ orṫa, agus ní ḟéadṫá